|
+Airteagal 73 1. |
Airteagal 73 1.Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthas chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus úsáid a bhaint astu, i gcásanna ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn ar an leibhéal miondíola agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh. Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí inter alia:
(a)
rochtain, agus cead úsáide a thabhairt don tríú páirtí ar eilimintí fisiciúla sonracha den líonra agus ar shaoráidí gaolmhara a bhaineann leo, mar is iomchuí, lena n-áirítear rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta agus ar an bhfo-lúb logánta;
(b)
rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus ar sheirbhísí sonracha gníomhacha nó fíorúla an líonra;
(c)
dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta le gnóthais atá ag iarraidh rochtana;
(d)
gan rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana a tharraingt siar;
(e)
seirbhísí sonracha a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe;
(f)
rochtain oscailte a thabhairt ar chomhéadain theicniúla, ar phrótacail nó ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile atá bunriachtanach d'idir-inoibritheacht seirbhísí nó seirbhísí líonraí fíorúla;
(g)
comhshuíomh nó foirmeacha eile de chomhroinnt saoráidí gaolmhara a sholáthar;
(h)
seirbhísí sonracha a sholáthar, a theastaíonn leis an idiroibritheacht a áirithiú idir seirbhísí inn ar inn agus lucht a n-úsáidte, nó fánaíocht ar líonraí móibíleacha;
(i)
chun go soláthrófaí rochtain ar chórais tacaíochta oibriúcháin nó ar chórais bogearraí chomhchosúla, is gá chun iomaíocht chothrom a áirithiú i soláthar seirbhísí;
(j)
chun líonraí nó saoráidí líonraí a idirnascadh;
(k)
chun rochtain ar sheirbhísí gaolmhara amhail céannacht, suíomh agus seirbhís láithreachta a sholáthar. Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na ceanglais sin a chur faoi réir coinníollacha faoina gcuimseofar an chothroime, an réasúntacht agus an phrapúlacht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|