|
+Airteagal 75 1. |
Airteagal 75 1.Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 lena bhforlíontar an Treoir seo tríuasráta foirceanta aonair uile a leagadh síos-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta (dá ngairtear le chéile 'rátaí foirceanta uile-Aontais do ghuththlaonna'), a dhéanfar a fhorchur ar aon sholáthraí atá gníomhach ar fhoirceannadh guthghlaonna soghluaiste nó ar sheirbhísí foirceannadh guthghlaonna seasta, faoi seach, in aon cheann de na Ballstáit. Chuige sin, cloífidh an Coimisiún:
(a)
leis na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair in Iarscríbhinn III;
(b)
agus na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna á shocrú den chéad uair, cuirfidh an Coimisiún san áireamh meán ualaithe na gcostas éifeachtúil i líonraí seasta agus soghluaiste arna mbunú i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn III arna gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais; na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna sa chéad ghníomh tarmligthe, ní bheidh siad níos airde ná an ráta is airde i measc na rátaí a bhí i bhfeidhm sé mhí sul nglacfar an gníomh tarmligthe sin i ngach Ballstát, tar éis aon choigeartú is gá a dhéanamh le haghaidh imthosca eisceachtúla náisiúnta;
(c)
cuirfidh an Coimisiún líon iomlán na n-úsáideoirí deiridh i ngach Ballstát san áireamh, chun ualú cuí na n-uasrátaí foirceanta a áirithiú, chomh maith le himthosca náisiúnta a mbíonn éagsúlachtaí suntasacha idir Ballstáit mar thoradh orthu nuair a bhíonn na huasrátaí foirceanta san Aontas á gcinneadh;
(d)
faisnéis maidir leis an margadh a chur san áireamh, arna soláthar ag BEREC, na húdaráis rialála náisiúnta nó, go díreach, ag gnóthais a chuireann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil; agus
(e)
machnamh a dhéanamh ar a riachtanaí atá idirthréimhse nach faide ná 12 mhí ionas gur féidir na coigeartuithe a dhéanamh i mBallstáit inar gá sin ar bhonn na rátaí a forchuireadh roimhe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|