+Airteagal 122 Nós imeachta athbhreithniúcháin
---+Airteagal 122 1.
---+Airteagal 122 2.
---+Airteagal 122 3.
|
Airteagal 122 Nós imeachta athbhreithniúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 122 1.
|
Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar fheidhmiú na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfar a mheas sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, na himpleachtaí a bheidh ag Airteagal 61(3) agus Airteagal 76, Airteagal 78 agus Airteagal 79 don mhargadh agus cé acu is leor nó nach leor na cumhachtaí ex ante agus na cumhachtaí idirghabhála eile dar bun an Treoir seo chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta aghaidh a thabhairt ar struchtúir olagaplacha neamhiomaíocha an mhargaidh, agus chun gur féidir a áirithiú go mbeidh leas le fáil anois agus feasta as an iomaíocht i margaí na cumarsáide leictreonaí ag na húsáideoirí deiridh.
Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ó na Ballstáit, ar faisnéis í a dhéanfar a sholáthar gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 122 2.
|
Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na seirbhíse uilíche, go háirithe d'fhonn a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go n-athrófar an raon feidhme nó go dtabharfar sainmhíniú as an nua air.
Déanfar an t-athbhreithniú sin ag féachaint d'fhorbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, agus cuirfear san áireamh, inter alia, soghluaisteacht agus rátaí sonraí i bhfianaise na dteicneolaíochtaí a mbaineann an chuid is mó de na húsáideoirí deiridh úsáid astu. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe.
|
|
Airteagal 122 3.
|
Déanfaidh BEREC, faoin 21 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis, tuairim a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme náisiúnta gona fheidhmiú an údaraithe ghinearálta, agus ar a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil II de Theideal II de Chuid I agus d'Iarscríbhinn I, agus féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú, i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|