Déanfaidh BEREC, faoin 21 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis, tuairim a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme náisiúnta gona fheidhmiú an údaraithe ghinearálta, agus ar a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil II de Theideal II de Chuid I agus d'Iarscríbhinn I, agus féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú, i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.