|
+IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE) |
IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)
IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE) Tá freagracht ar an údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta, a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis san Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 103. Déanfaidh an t-údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú, leis an údarás rialála náisiúnta an cinneadh i dtaca le cén fhaisnéis atá ábhartha chun a foilsithe ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, agus cén fhaisnéis atá le foilsiú ag an údarás inniúil é féin, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh uile in ann roghanna eolasacha a dhéanamh. Má mheastar sin a bheith iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta bearta féinrialála nó comhrialála a chur chun cinn sula bhforchuirfear aon oibleagáid. 1. Sonraí teagmhála an ghnóthais 2. Tuairisc ar na seirbhísí atá á dtairiscint 2.1. Raon feidhme na seirbhísí atá á dtairiscint agus príomhghnéithe gach ceann de na seirbhísí atá á soláthar, lena n-áirítear leibhéil íosta cáilíochta seirbhíse i gcás ina dtairgtear iad agus aon srianta a fhorchuireann an soláthraí ar úsáid trealaimh teirminéil atá á sholáthar. 2.2. Taraifí na seirbhísí atá á dtairiscint, lena n-áirítear faisnéis maidir le méideanna cumarsáide (amhail srianta ar úsáid sonraí, ar líon na nóiméad gutha, ar líon na dteachtaireachtaí) de phleananna taraife sonracha agus na taraifí is infheidhme maidir le haonaid chumarsáide bhreise, le huimhreacha breise nó le seirbhísí breise faoi réir coinníollacha praghsála ar leith, muirir rochtana agus chothabhála, gach cineál muirir úsáide, scéimeanna taraife speisialta agus spriocdhírithe agus aon mhuirir bhreise, chomh maith le costais i leith trealamh teirminéil. 2.3. Seirbhísí iardhíola, cothabhála agus cúnaimh custaiméara a thairgtear agus a sonraí teagmhála. 2.4. Coinníollacha caighdeánacha conartha, lena n-áirítear ré an chonartha, muirir is dlite i gcás conradh a fhoirceannadh go luath, cearta a bhaineann le tairiscintí cuachta nó eilimintí díobh a fhoirceannadh, agus nósanna imeachta agus muirir dhíreacha maidir le hinaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, más ábhartha. 2.5. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe é an gnóthas, faisnéis maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, nó aon teorannú ar an rochtain sin. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta é an gnóthas, ar seirbhísí iad atá neamhspleách ar uimhreacha, faisnéis maidir lena mhéid a fhéadfar tacú nó gan tacú le rochtain ar sheirbhísí éigeandála. 2.6. Mionsonraí táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear aon fheidhmeanna, chleachtais, bheartais agus nósanna imeachta agus athruithe ar oibriú na seirbhíse atá ceaptha go sonrach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí. 3. Sásraí maidir le réiteach díospóidí, lena n-áirítear iad siúd a d'fhorbair an gnóthas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|