+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

▼M2

(1) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

(1a) 

ciallaíonn “lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch” lomáin sáibh, lomáin veiníre, laíon adhmaid cruinn nó scoilte, chomh maith le gach lomán cruinn eile atá oiriúnach chun críoch tionsclaíoch, gan lomáin chruinne a bhfágann a saintréithe, amhail speicis, toisí, díríocht, agus dlús nód, go bhfuil siad mí-oiriúnach d’úsáid thionsclaíoch mar atá sainmhínithe agus cuí-réasúnaithe ag na Ballstáit de réir dhálaí ábhartha na foraoise agus an mhargaidh a áireamh;

▼B

(2) 

ciallaíonn “fuinneamh comhthimpeallach” fuinneamh teirmeach a fhaightear go nádúrtha agus fuinneamh arna thiomsú sa timpeallacht laistigh de theorainneacha teoranta, ar féidir é a stóráil san aer comhthimpeallach, gan aer sceite san áireamh nó in uisce dromchla nó in uisce séarachais;

(3) 

ciallaíonn “fuinneamh geoiteirmeach” fuinneamh a stóráiltear mar theas faoi dhromchla an domhain;

▼M2

(4) 

ciallaíonn “olltomhaltas deiridh fuinnimh” na tráchtearraí fuinnimh sin arna seachadadh chun críoch fuinnimh chuig an tionsclaíocht, chuig an iompar, chuig teaghlaigh, chuig seirbhísí lena n-áirítear seirbhísí poiblí, chuig an talmhaíocht, chuig an bhforaoiseacht agus chuig an iascach, an leictreachas agus an teas a thomhlaíonn an brainse fuinnimh ar mhaithe le táirgeadh leictreachais agus teasa, agus caillteanais leictreachais agus teasa le linn a ndáilte agus a dtarchurtha;

▼B

(5) 

ciallaíonn “scéim tacaíochta” aon ionstraim, scéim nó sásra a chuirfidh Ballstát nó grúpa Ballstát i bhfeidhm, a chuireann chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ trí chostas an fhuinnimh sin a laghdú, tríd an bpraghas ag a bhféadfar é a dhíol a ardú, nó trí chainníocht an fhuinnimh sin a cheannaítear a mhéadú trí bhíthin oibleagáid fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a úsáid nó ar bhealach eile, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do cúnamh infheistíochta, díolúintí nó laghduithe cánach, aisíocaíochtaí cánach, scéimeanna tacaíochta don oibleagáid fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a úsáid, lena n-áirítear iad sin a úsáideann teastais ghlasa, agus scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh lena n-áirítear taraifí ionfhotha agus íocaíochtaí préimhe sleamhnánacha nó socra;

(6) 

ciallaíonn “oibleagáid fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a úsáid” scéim tacaíochta a cheanglaíonn ar tháirgeoirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a áireamh ar a gcuid táirgthe, agus a cheanglaíonn ar sholáthróirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a áireamh ar a gcuid soláthair, nó a cheanglaíonn ar thomhaltóirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a áireamh ar a gcuid tomhaltais, lena n-áirítear scéimeanna faoinar féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh trí theastais ghlasa a úsáid;

(7) 

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(8) 

ciallaíonn “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 3 );

(9) 

ciallaíonn “dramhtheas agus dramhfhuacht” teas agus fuacht dosheachanta a ghintear mar sheachtháirge i suiteálacha tionsclaíocha nó san earnáil threasach agus a scaipfí gan úsáid ar an aer nó in uisce gan aon rochtain ar chóras téimh nó fuaraithe ceantair, i gcás inar úsáideadh nó ina úsáidfear próiseas comhghiniúna, nó i gcás nach mbíonn comhghiniúint indéanta;

▼M2

(9a) 

ciallaíonn “limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite” suíomh sonrach nó limistéar sonrach, cé acu atá sé ar an talamh, ar muir nó ar uiscí intíre, atá ainmnithe ag Ballstát mar shuíomh nó limistéar atá an-oiriúnach go deo chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil;

(9b) 

ciallaíonn “trealamh grianfhuinnimh” trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, go háirithe trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine;

▼B

(10) 

ciallaíonn “athchumhachtú” gléasraí cumhachta a tháirgeann fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a athnuachan, lena n-áirítear athsholáthar páirteach nó iomlán a dhéanamh ar shuiteálacha nó ar chórais agus ar threalamh oibríochta ar mhaithe leis an acmhainneacht a athsholáthar nó éifeachtúlacht nó acmhainneacht na suiteála a mhéadú;

(11) 

ciallaíonn “oibreoir córas dáileacháin” oibreoir mar a shainmhínítear sin i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(12) 

ciallaíonn “ráthaíocht maidir le tionscnamh” doiciméad leictreonach nach bhfuil d'fheidhm leis ach fianaise a thabhairt don chustaiméir deiridh gur ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a táirgeadh sciar nó cainníocht ar leith fuinnimh;

(13) 

ciallaíonn “meascán fuinnimh iarmhair” meascán iomlán bliantúil fuinnimh Ballstáit nach n-áirítear ann an sciar a chuimsítear leis na ráthaíochtaí sin maidir le tionscnamh a cuireadh ar ceal;

(14) 

ciallaíonn “ ►C3  féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite ◄ ” custaiméir deiridh a fheidhmíonn ó laistigh dá áitreabh féin atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó i gcás ina dtugann na Ballstáit cead dó, laistigh d'áitreabh eile, agus a ghineann leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ dó féin agus a fhéadfaidh é a stóráil agus a dhíol, ar choinníoll nach ionann na himeachtaí sin, i gcás féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ neamhtheaghlaigh, agus an phríomhghníomhaíocht tráchtála nó ghairmiúil acu;

▼M2

(14a) 

ciallaíonn “crios tairisceana” crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(14b) 

ciallaíonn “teicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite” teicneolaíocht giniúna fuinnimh in-athnuaite lena bhfeabhsaítear, ar bhealach amháin ar a laghad, teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite úrscothach atá inchomparáide nó lena bhfágtar gurb insaothraithe teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite nach ndéantar a thráchtálú go hiomlán nó a bhfuil leibhéal soiléir riosca ag baint léi;

(14c) 

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

(14d) 

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

(14e) 

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/943;

(14f) 

ciallaíonn “margadh leictreachais” margaí leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2019;/944;

(14g) 

ciallaíonn “ceallra baile” ceallra in-athluchtaithe neamhspleách de thoilleadh rátaithe ar mó é ná 2 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht bhaile;

(14h) 

ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” ceallra feithiclí leictreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (14), de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).

(14i) 

ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” ceallra tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (13), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14j) 

ciallaíonn “staid sláinte” staid sláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (28), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14k) 

ciallaíonn “staid luchta” staid luchta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/1542;

(14l) 

ciallaíonn “pointe socraithe cumhachta” an fhaisnéis dhinimiciúil a choinnítear i gcóras bainistithe ceallra lena bhforordaítear na socruithe cumhachta leictrí ar cheart don cheallra oibriú go hoptamach le linn oibríocht athluchtaithe nó díluchtaithe, ionas go ndéantar a staid sláinte agus a úsáid oibríochtúil a optamú;

(14m) 

ciallaíonn “athluchtú cliste” oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú go dinimiciúil, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(14n) 

ciallaíonn “údarás rialála” údarás rialála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/943;

(14o) 

ciallaíonn “athluchtú déthreoch” athluchtú déthreoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1804;

(14p) 

ciallaíonn “pointe athluchtaithe gnáthchumhachta” pointe athluchtaithe gnáthchumhachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (37,) de Rialachán (AE) 2023/1804;

(14q) 

ciallaíonn “comhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite” conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó dlítheanach fuinneamh in-athnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir, lena gcuimsítear comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite agus comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

▼B

(15) 

ciallaíonn “ ►C3  féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag gníomhú go comhpháirteach ◄ ” grúpa de dhá d' ►C3  féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite ◄ ar a laghad ag gníomhú go comhpháirteach i gcomhréir le pointe (14), ar féintomhaltóirí iad sin atá lonnaithe san fhoirgneamh nó sa bhloc ilárasáin céanna);

(16) 

ciallaíonn “comhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ” eintiteas dlíthiúil:

(a) 

atá bunaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ar rannpháirtíocht oscailte dheonach, atá neamhspleách, agus a rialaíonn scairshealbhóirí nó comhaltaí atá lonnaithe i ngar do na tionscadail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar leis an eintiteas dlíthiúil sin iad agus atá á bhforbairt aige;

(b) 

ar daoine nádúrtha, FBManna, údaráis áitiúla, bardais san áireamh, nó iad a scairshealbhóirí nó a chomhaltaí;

(c) 

ar príomhchuspóir dó sochair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta — seachas brabús airgeadais — a sholáthar dá scairshealbhóirí nó dá bhallraíocht nó do na ceantair áitiúla ina bhfeidhmíonn sé;

(17) 

ciallaíonn “ ►C3  comhaontú ceannacháin cumhachta in-athnuaite ◄ ” conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó duine dlíthiúil leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ a cheannach go díreach ó tháirgeoir fuinnimh;

(18) 

ciallaíonn “trádáil idir piaraí” d'fhuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ díolachán fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a dhéantar idir rannpháirtithe sa mhargadh trí bhíthin conradh ina bhfuil coinníollacha réamhchinntithe lena rialaítear cur chun feidhme agus socrú uathoibríoch an idirbhirt go díreach idir rannpháirtithe margaidh nó go hindíreach trí rannpháirtí tríú pháirtí deimhnithe, amhail comhbhailitheoir. Níor cheart gur dhochar an ceart chun trádala idir piaraí a sheoladh do chearta agus d'oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí nó comhbhailitheoirí;

▼M2

(18a) 

ciallaíonn “tionsclaíocht” gnóthais agus táirgí a thagann faoi ranna B, C agus F agus faoi roinn J, rannán (63) den aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE REV.2), mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(18b) 

ciallaíonn “críoch neamhfhuinnimh” úsáid breoslaí mar amhábhair i bpróiseas tionsclaíoch, seachas chun fuinneamh a tháirgeadh;

▼B

(19) 

ciallaíonn “téamh ceantair” nó “fuarú ceantair” dáileadh fuinnimh theirmigh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe, as foinsí láraithe nó díláraithe táirgthe trí ghréasán chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla chun críocha téamh nó fuarú a chur ar fáil do spás nó do phróiseas;

(20) 

ciallaíonn “téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil” téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil mar a shainmhínítear i bpointe (41) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(21) 

ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtúlachta” comhghiniúint ardéifeachtúlachta mar a sainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(22) 

ciallaíonn “deimhniú feidhmíochta fuinnimh” deimhniú feidhmíochta fuinnimh mar a sainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE.

▼M2

(22a) 

ciallaíonn “breoslaí in-athnuaite” bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;

(22b) 

ciallaíonn “bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh” bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

▼B

(23) 

ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, agus nach n-áirítear leis substaintí arna modhnú d'aon ghnó nó arna n-éilliú ar mhaithe leis an sainmhíniú sin a shásamh;

(24) 

ciallaíonn “bithmhais” an codán in-bhithmhillte de tháirgí, dramhaíl, agus iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch ón talmhaíocht, lena n-áirítear substaintí cothaitheacha agus ainmhíocha, ón bhforaoiseacht agus ó thionscail ghaolmhara, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú, chomh maith leis an gcodán in-bhithmhillte de dhramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl thionsclaíoch agus uirbeach de thionscnamh bitheolaíoch;

(25) 

ciallaíonn “bithmhais talmhaíochta” bithmhais de thionscnamh talmhaíoch;

(26) 

ciallaíonn “bithmhais foraoiseachta” bithmhais de thionscnamh foraoiseachta;

(27) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí bithmhaise” breoslaí leachtacha nó gásacha arna dtáirgeadh ó bhithmhais;

(28) 

ciallaíonn “bithghás” breoslaí gásacha arna dtáirgeadh ó bhithmhais;

(29) 

ciallaíonn “bithdhramhaíl” bithdhramhaíl mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(30) 

ciallaíonn “limistéar foinsithe” an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise;

(31) 

ciallaíonn “athghiniúint foraoise” athbhunú a dhéanamh ar chlampa foraoise ar mhodh nádúrtha nó ar mhodh saorga ach a ndéantar an clampa a bhí ann a bhaint as, trína bhaint nó de bharr cúinsí nádúrtha, lena n-áirítear tine nó stoirm;

(32) 

ciallaíonn “bithleachtanna” breosla leachtach chun críocha fuinnimh nach chun críocha iompair, lena n-áirítear leictreachas agus téamh agus fuarú, arna tháirgeadh ó bhithmhais;

(33) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí” breosla leachtach chun críocha iompair, arna tháirgeadh ó bhithmhais;

(34) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí ardfhorbartha” bithbhreoslaí a tháirgtear as na bunábhair a liostaítear i gcuid A d'Iarscríbhinn IX;

(35) 

ciallaíonn “breoslaí carbóin athchúrsáilte” breoslaí leachtacha agus gásacha a tháirgtear ó shruthanna leachtacha nó soladacha de thionscnamh neamh- ►C3  in-athnuaite ◄ agus nach bhfuil oiriúnach d'aisghabháil ábhair i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, nó ó gháis próiseála dramhaíola agus gáis sceite, de thionscnamh neamh- ►C3  in-athnuaite ◄ , nach féidir a dtáirgeadh a sheachaint agus nár táirgeadh d'aon turas sa phróiseas táirgthe i suiteálacha tionsclaíocha;

▼M2

(36) 

ciallaíonn “breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch” breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas ó bhithmhais;

▼B

(37) 

ciallaíonn “bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhais lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid” bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhais, ar táirgeadh a mbunábhar laistigh de scéimeanna a sheachnaíonn éifeachtaí díláithrithe bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise atá bunaithe ar bharra bia agus beatha trí chleachtais talmhaíochta fheabhsaithe, mar aon le trí shaothrú barr i limistéir nár úsáideadh roimhe sin chun barraí a shaothrú agus a táirgeadh i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a leagtar amach in Airteagal 29;

(38) 

ciallaíonn “soláthróir breosla” eintiteas a sholáthraíonn breosla don mhargadh agus atá freagrach as breosla a chur trí phointe dleacht mháil nó, i gcás an leictreachais nó i gcás nach dlite aon dleacht mháil, nó i gcás a bhfuil bonn cirt leis, trí aon eintiteas ábhartha eile arna ainmniú ag Ballstát;

(39) 

ciallaíonn “barra stáirse-shaibhir”, go príomha, gránbharra, beag beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear ach na gráin féin, nó an barr ar fad, mar a dhéantar le harbhar Indiach glas), tiúbair, barra fréimhe, amhail an práta, an bliosán gréine, an práta milis, an casabhach agus an t-ionam, nó cormáin, amhail an taró agus an cabáiste cairibeach;

(40) 

ciallaíonn “barra bia agus beatha” barra stáirse-shaibhir, siúcraí agus ola-bharra a fhástar ar thalamh talmhaíochta mar phríomhbharra, nach n-árítear iarmhair, dramhaíl nó ábhar ligniceallalósach agus barra idirmheánacha, amhail barra breise agus barra cumhdaigh, ar choinníoll nach spreagtar éileamh ar thalamh breise le húsáid barr idirmheánach den sórt sin;

(41) 

ciallaíonn “ábhar ligniceallalósach” ábhar atá comhdhéanta de lignin, ceallalós agus heimiceallalós, amhail bithmhais arna foinsiú as foraoiseacha; breosla-bharra adhmadúla agus iarmhair agus dramhaíl de thionscnamh tionscal foraoisbhunaithe;

(42) 

ciallaíonn “ábhar ceallalósach neamhbhia” bunábhar atá comhdhéanta de ceallalós agus heimiceallalós, go príomha, agus ar lú an cion lignin ann ná in ábhar ligniceallalósach, lena n-áirítear iarmhair barra bia agus beatha, amhail tuí, gais, cáithní agus mogaill, breosla-bharra féarúla ina bhfuil cion íseal stáirse, amhail an tseagalach, an féar craobhóige, an mioscantach, an cána mór), agus barra cumhdaigh a chuirtear roimh na príomhbharra agus ina ndiaidh, barra báin, iarmhair thionsclaíocha lena n-áirítear barra bia agus beatha as ar eastóscadh olaí cothaitheacha, siúcraí, stáirsí agus próitéin; agus ábhar arna tháirgeadh as bithdhramhaíl, i gcás ina bhfuil sé le tuiscint gur mar fhéara síolaithe sealadacha gearrthéarmacha atá barra báin agus barra cumhdaigh, ina bhfuil meascán féir agus glasraí ag a bhfuil cion íseal stáirse a fhástar chun farae a fháil le haghaidh beostoic agus chun torthúlacht ithreach a fheabhsú d'fhonn táirgeacht na bpríomhbharr curaíochta a mhéadú;

(43) 

ciallaíonn “iarmhar” substaint nach tairge/táirgí deiridh a bhféachtar go díreach lena tháirgeadh le próiseas táirgthe; ní príomhaidhm de chuid an phróisis táirgthe é agus níor modhnaíodh an próiseas d'aon ghnó ar mhaithe lena tháirgeadh;

(44) 

ciallaíonn “iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh agus foraoiseachta” iarmhair a ghintear go díreach in earnáil na talmhaíochta, an dobharshaothraithe, an iascaigh agus na foraoiseachta, agus nach n-áirítear leo iarmhair a thagann ó thionscail ghaolmhara nó ó phróiseáil ghaolmhar;

▼M2

(44a) 

ciallaíonn “foraois phlandála” foraois phlandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

(44b) 

ciallaíonn “fuinneamh osmóiseach” fuinneamh arna chruthú ón éagsúlacht i dtiúchan salainn idir dhá shreabhán, amhail uisce úr agus sáile;

(44c) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht córais” réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasaítear leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;

(44d) 

ciallaíonn “stóráil fuinnimh chomhshuite” saoráid stórála fuinnimh atá chomhcheangailte le saoráid lena dtáirgtear fuinneamh in-athnuaite agus atá nasctha leis an bpointe rochtana eangaí céanna;

(44e) 

ciallaíonn “feithicil ghrianleictreach” mótarfheithicil atá feistithe le gléasra cumhachta nach bhfuil ann ach meaisíní leictreacha neamh-fhorimeallacha mar thiontaire fuinnimh, le córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach ar féidir é a athluchtú go seachtrach, agus le painéil fhótavoltacha atá comhtháite le feithiclí;

▼B

(45) 

ciallaíonn “luach iarbhír” an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le cuid de na céimeanna nó le hiomlán na gcéimeanna a bhíonn ag próiseas táirgthe bithbhreosla, bithleachta nó breosla bithmhaise áirithe arna ríomh de réir na modheolaíochta a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V nó i gCuid B d'Iarscríbhinn VI.;

(46) 

ciallaíonn “luach tipiciúil” meastachán ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghabhann leis an gconair táirgthe a bhíonn ag bithbhreosla, bithleacht nó breosla bithmhaise ar leith, meastachán atá ionadaíoch ar thomhaltas an Aontais;

(47) 

ciallaíonn “luach réamhshocraithe” luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, i ndálaí a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.