|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgtear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdaítear iarmhairtí saobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus drochthionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus áiritheoidh siad cur i bhfeidhm phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus béim á leagan ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta. Déarfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta le haghaidh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ar bhealach ina seachnófar go dtabharfaí dreasacht do chonairí neamh-inbhuanaithe agus go ndéanfaí an iomaíocht leis na hearnálacha ábhair a shaobhadh, d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear bithmhais adhmaid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas:
(a)
táirgí adhmadbhunaithe;
(b)
síneadh a chur le saolré seirbhíse táirgí adhmadbhunaithe;
(c)
athúsáid;
(d)
athchúrsáil;
(e)
bithfhuinneamh; agus
(f)
diúscairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|