+Airteagal 15e Limistéir don bhonneagar eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais
---+Airteagal 15e 1.
---+Airteagal 15e 2.
---+Airteagal 15e 3.
---+Airteagal 15e 4.
---+Airteagal 15e 5.

Airteagal 15e Limistéir don bhonneagar eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15e 1.

Féadfaidh na Ballstáit plean amháin nó níos mó a ghlacadh chun limistéir thiomnaithe bhonneagair a ainmniú chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt a bhfuil gá leo chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais i gcás nach meastar go mbeidh tionchar suntasacha ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol, inar féidir tionchar den sórt sin a mhaolú go cuí nó, i gcás nach féidir, é a chúiteamh. Is é is aidhm do limistéir den sórt sin tacú leis na limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite agus iad a chomhlánú. Maidir leis na pleananna sin:

(a) 

i gcás tionscadail eangaí, déanfar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta a sheachaint, ach amháin mura bhfuil aon roghanna malartacha comhréireacha ann lena n-imscaradh, agus cuspóirí an láithreáin á gcur san áireamh;

(b) 

i gcás tionscadail stórála, déanfar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna náisiúnta cosanta a eisiamh;

(c) 

áiritheofar leo sineirgí le hainmniú limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite;

(d) 

beidh siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir measúnú de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; agus

(e) 

bunófar leo rialacha iomchuí agus comhréireacha, lena n-áirítear rialacha maidir le bearta maolaithe comhréireacha atá le glacadh chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt chun na héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó, mura féidir éifeachtaí den sórt sin a sheachaint, chun iad a laghdú go suntasach.

Agus pleananna den sórt sin á n-ullmhú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na hoibreoirí córas bonneagair ábhartha.

Airteagal 15e 2.
De mhaolú ar Airteagail 2(1) agus Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 20, agus Iarscríbhinn II, pointe 3(b), a ghabhann léi, agus de mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, féadfaidh na Ballstáit, in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, tionscadail eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ó mheasúnú ar a n-impleachtaí ar láithreáin Natura 2000 de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE agus ón measúnú ar a n-impleachtaí ar chosaint speiceas de bhun Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus de bhun Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal eangaí nó stórála lonnaithe i limistéar tiomnaithe bonneagair arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus go gcomhlíonann sé na rialacha a bhunaítear, lena n-áirítear na rialacha maidir le bearta maolaithe comhréireacha atá le glacadh, i gcomhréir le mír 1, pointe (e), den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí den sórt sin a dheonú freisin i ndáil le limistéir bhonneagair a ainmníodh roimh an 20 Samhain 2023 má bhí siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE. Ní bheidh feidhm ag maoluithe den sórt sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE.
Airteagal 15e 3.
I gcás ina ndéanann Ballstát tionscadail eangaí agus stórála de bhun mhír 2 den Airteagal seo a dhíolmhú ó na measúnuithe dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin próiseas scagtha maidir leis na tionscadail atá lonnaithe i limistéir thiomnaithe bhonneagair. Beidh próiseas scagtha den sórt sin bunaithe ar shonraí atá ann cheana ón measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar. Tabharfar an próiseas scagtha chun críche laistigh de 30 lá. Beidh sé d’aidhm aige a shainaithint más rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as aon cheann de thionscadail den sórt sin, i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir thiomnaithe bhonneagair a dhéantar de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE.
Airteagal 15e 4.
I gcás ina sainaithnítear tionscadal sa phróiseas scagtha ar rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne dá dtagraítear i mír 3 as, áiritheoidh an t-údarás inniúil, ar bhonn sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin. I gcás nach féidir bearta maolaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil go nglacfaidh an t-oibreoir bearta cúitimh iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta as cláir chosanta speiceas, chun stádas caomhnaithe na speiceas a ndéantar difear dóibh a áirithiú nó a fheabhsú.
Airteagal 15e 5.
I gcás inar gá tionscadal chun an bonneagar eangaí a threisiú i limistéir bhonneagair thiomnaithe nó lasmuigh díobh mar gheall ar chomhtháthú fuinnimh in-athnuaite sa chóras leictreachais, agus i gcás ina bhfuil tionscadal den sórt sin faoi réir próiseas scagtha a dhéantar de bhun mhír 3 den Airteagal seo, faoi réir cinneadh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal nó faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE, beidh próiseas scagtha den sórt sin, cinneadh den sórt sin nó measúnú den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol teoranta don tionchar a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an leathnú i gcomparáid leis an mbonneagar eangaí bunaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.