De mhaolú ar Airteagail 2(1) agus Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 20, agus Iarscríbhinn II, pointe 3(b), a ghabhann léi, agus de mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, féadfaidh na Ballstáit, in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, tionscadail eangaí agus stórála is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ó mheasúnú ar a n-impleachtaí ar láithreáin Natura 2000 de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE agus ón measúnú ar a n-impleachtaí ar chosaint speiceas de bhun Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus de bhun Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal eangaí nó stórála lonnaithe i limistéar tiomnaithe bonneagair arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus go gcomhlíonann sé na rialacha a bhunaítear, lena n-áirítear na rialacha maidir le bearta maolaithe comhréireacha atá le glacadh, i gcomhréir le mír 1, pointe (e), den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí den sórt sin a dheonú freisin i ndáil le limistéir bhonneagair a ainmníodh roimh an 20 Samhain 2023 má bhí siad faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE. Ní bheidh feidhm ag maoluithe den sórt sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE.