|
+Airteagal 19 7. |
Airteagal 19 7.Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa ráthaíocht tionscnaimh:
(a)
foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh agus dáta tosaigh agus dáta deiridh an táirgthe, a fhéadfar a shonrú mar a leanas:
(i)
i gcás gás in-athnuaite, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus téamh agus fuarú in-athnuaite, ag eatramh in aghaidh na huaire nó ag eatramh ar lú é ná uair an chloig;
(ii)
maidir le leictreachas in-athnuaite, i gcomhréir leis an tréimhse réitigh míchothromaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/943;
(b)
cé acu a bhaineann sin le:
(i)
leictreachas;
(ii)
gás, hidrigin san áireamh; nó
(iii)
le téamh nó fuarú;
(c)
ainm, suíomh, cineál agus acmhainn na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;
(d)
cé acu a fuair nó nach bhfuair an tsuiteáil tacaíocht infheistíochta agus cé acu a fuair nó nach bhfuair an t-aonad fuinnimh tacaíocht ar aon slí eile ó scéim náisiúnta tacaíochta, agus cineál na scéime tacaíochta sin;
(e)
an dáta ar cuireadh i mbun feidhme an tsuiteáil; agus
(f)
an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil. Féadfar faisnéis shimplithe a shonrú ar na ráthaíochtaí tionscnaimh i gcás suiteálacha ar lú ná 50 kW iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|