+Airteagal 27 6.

Airteagal 27 6.

I gcás ina n-úsáidtear leictreachas chun breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, bainfear úsáid as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a chinneadh.

Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in-athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:

(a) 

cuirtear i mbun feidhme é tar éis na suiteála lena ngintear na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó ag an am céanna; agus

(b) 

níl sé nasctha leis an eangach nó tá sé nasctha leis an eangach ach is féidir fianaise a chur ar fáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí in-athnuaite agus gur léiríodh na hairíonna in-athnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna in-athnuaite an leictreachais sin a áireamh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú lena leagtar amach rialacha mionsonraithe trína gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Iúil 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar thionchar mhodheolaíocht an Aontais a leagtar amach i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, lena n-áirítear tionchar na breisíochta agus an chomhghaoil ama agus gheografaigh ar chostais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an gcóras fuinnimh.

Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ón gCoimisiún, go háirithe, ar an tionchar atá ar infhaighteacht agus inacmhainneacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair agus ar chumas an Aontais a spriocanna maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhaint amach, agus straitéis an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre i gcomhréir le hAirteagal 22a á cur san áireamh, agus an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an leictreachais agus sa chóras foriomlán fuinnimh á íoslaghdú san am céanna. I gcás inarb é conclúid na tuarascála sin nach leor na ceanglais chun infhaighteacht agus inacmhainneacht leordhóthanach breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair a áirithiú agus nach rannchuidíonn siad go suntasach le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, le comhtháthú an chórais fuinnimh agus le baint amach spriocanna an Aontais maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a leagtar amach do 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar mhodheolaíocht an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an mhodheolaíocht sin a leasú, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na critéir a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo chun borradh faoi thionscal na hidrigine a éascú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.