|
+IARSCRÍBHINN IX |
IARSCRÍBHINN IX
IARSCRÍBHINN IX Cuid A. ►M2 Bunábhair chun bithghás don iompar agus bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh: ◄
(a)
Algaí má saothraítear iad ar an talamh i linnte nó i bhfóta-bith-imoibreoirí.
(b)
An codán bithmhaise den dramhaíl mheasctha chathrach, agus ní dramhaíl tí dheighilte atá faoi réir spriocanna athchúrsála faoi phointe (a) d'Airteagal 11(2) de Threoir 2008/98/CE.
(c)
Bithdhramhaíl arna sainmhíniú i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE ó líonta tí príobháideacha atá faoi réir bailiúchán deighilte arna shainmhíniú i bpointe (11) d'Airteagal 3 den Treoir sin.
(d)
An codán bithmhaise den dramhaíl thionsclaíoch nach bhfuil oiriúnach lena úsáid sa slabhra bia ná beatha, lena n-áirítear ábhar ón miondíol agus ón mórdhíol agus ón tionscal agrai-bhia agus ó thionscal an éisc agus an dobharshaothraithe, agus seachas bunábhair a liostaítear i gcuid B den Iarscríbhinn seo.
(e)
Tuí.
(f)
Aoileach ainmhithe agus sloda múnlaigh.
(g)
Eisilteach muilte ola phailme agus triopaill fholmha torthaí pailme.
(h)
Bí roisín leachtach.
(i)
Amhghlicrín.
(j)
Bagás.
(k)
Biotáille marc fíonchaor agus moirt.
(l)
Blaoscaí cnónna.
(m)
Cáithní.
(n)
Diasa a bhfuil eithní arbhair glanta amach astu.
(o)
An codán bithmhaise den dramhaíl agus de na hiarmhair ón bhforaoiseacht agus ó thionscail fhoraoisbhunaithe, i.e. coirt, brainsí, tanúcháin réamhthráchtála, duilleoga, buaircíní, barr na gcrann, min sáibh, scamh adhmaid, licéar dubh, licéar donn, sloda snáithíní, lignin agus roisín leachtach.
(p)
Ábhar ceallalósach neamhbhia eile.
(q)
Ábhar ligniceallalósach eile ach amháin lomáin sábhadóireachta agus lomáin veinír.
(r)
Olaí fiúsail ó dhriogadh alcólach.
(s)
Meatánól amh ó chraftlaíon de thoradh laíon adhmaid a tháirgeadh.
(t)
Barra breise, amhail barra eatraimh agus barra cumhdaigh a fhástar i gceantar ina bhfuil táirgeadh na mbarr bia agus beatha teoranta do bhuain amháin mar thoradh ar thréimhse fáis ghearr, agus ar choinníoll nach ngníomhachtaítear lena n-úsáid éileamh ar thalamh breise, agus ar choinníoll go gcoinnítear an t-ábhar orgánach san ithir ar bun, i gcás ina n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta.
(u)
Barra a fhástar ar thalamh atá díghrádaithe go mór, seachas barra bia agus beatha, i gcás ina n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta.
(v)
Cianabaictéir. Cuid B. ►M2 ►C4 Bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh, a mbeidh a rannchuidiú i dtreo na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), teoranta: ◄ ◄
(a)
Ola cócaireachta úsáidte;
(b)
Saill ainmhíoch atá aicmithe i gcatagóir 1 agus catagóir 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;
(c)
Barra damáistithe nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid sa slabhra bia agus beatha, seachas substaintí atá modhnaithe nó éillithe d’aon ghnó chun an sainmhíniú seo a chomhlíonadh;
(a)
Fuíolluisce cathrach agus díorthaigh seachas sloda séarachais;
(b)
Na barra a fhástar ar thalamh atá díghrádaithe go mór, seachas barra bia agus beatha, agus bunábhair a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn seo, i gcás nach n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta;
(c)
Barra breise, amhail barra eatraimh agus barra cumhdaigh, seachas bunábhair a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn seo, a fhástar i gceantar ina bhfuil táirgeadh na mbarr bia agus beatha teoranta do bhuain amháin mar thoradh ar thréimhse fáis ghearr, agus ar choinníoll nach ngníomhachtaítear lena n-úsáid éileamh ar thalamh breise, agus ar choinníoll go gcoinnítear an t-ábhar orgánach san ithir ar bun, i gcás nach n-úsáidtear iad chun bithbhreosla a tháirgeadh le haghaidh earnáil na heitlíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|