+Airteagal 2 7.

Airteagal 2 7.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh dearadh, cothabháil agus oibriú aeradróim, agus an trealamh a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear san aeradróm sin, a dhíolmhú ó fhorálacha an Rialacháin seo, i gcás ina ndéileálann an t-aeradróm sin le líon paisinéirí aeriompair tráchtála nach mó ná 10 000 in aghaidh na bliana agus líon gluaiseachtaí nach mó ná 850 in aghaidh na bliana, a bhaineann le hoibríochtaí lasta, agus ar choinníoll go n-áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach gcuireann an díolúine sin comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 33 i mbaol.

Ón dáta arna shonrú sa chinneadh díolúine sin, ní leis an Rialachán seo, ná leis na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, a dhéanfar dearadh, cothabháil agus oibriú an aeradróim lena mbaineann, a threalamh a bhaineann le sábháilteacht agus na seirbhísí láimhseála ar an talamh agus na SBN ag an aeradróm sin a rialáil a thuilleadh.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh díolúine agus na cúiseanna atá leis an nglacadh.

I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach gcomhlíonann díolúine den sórt sin ó Bhallstát na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh dá réir. A luaithe a mbeidh fógra tugtha ag an gCoimisiún don Ballstát lena mbaineann faoin gcinneadh cur chun feidhme, déanfaidh an Ballstát, gan mhoill, a chinneadh díolúine a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht freisin faoi na díolúintí a dheonaíonn siad de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Scrúdóidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, figiúirí tráchta na n-aeradróm a dhíolmhaigh siad de bhun na míre seo nó de bhun Airteagal 4(3b) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. I gcás ina léirítear sa scrúdú sin, thar 3 bliana as a chéile, go láimhseálann ceann amháin de na haeradróim sin níos mó ná 10 000 paisinéir aeriompair tráchtála in aghaidh na bliana nó níos mó ná 850 gluaiseacht a bhaineann le hoibríochtaí lasta in aghaidh na bliana, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann díolúine an aeradróim sin a chúlghairm. Sa chás sin cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir.

Maidir leis an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74, áireoidh an Ghníomhaireacht na cinntí uile ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a dtugtar fógra fúthu de bhun na míre seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.