+Airteagal 2 11.

Airteagal 2 11.

Aon fhorálacha de dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil cinneadh díolúine déanta aige de bhun mhír 8, lena ndéantar dearadh, táirgeadh, gníomhaíochtaí cothabhála agus oibríochta an aerárthaigh a rialáil, beidh siad comhréireach le cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann agus cuirfear san áireamh na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 faoi seach.

An Ballstát a bhfuil cinneadh díolúine déanta aige de bhun mhír 8, tabharfaidh sé fógra, gan mhoill, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir lena chinneadh agus cuirfidh sí ar fáil dóibh an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh agus catagóir an aerárthaigh lena mbaineann.

Féadfaidh Ballstát cinneadh díolúine a ghlac sé de bhun mhír 8 a mhodhnú nó a chúlghairm. I gcásanna mar sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir sin gan mhoill.

Cinntí uile na mBallstát ar tugadh fógra ina leith de bhun na míre seo, cuirfidh an Ghníomhaireacht sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74 iad.

Cinneadh díolúine arna ghlacadh ag Ballstát de bhun mhír 8, beidh feidhm aige freisin maidir leis na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu le dearadh, táirgeadh, gníomhaíochtaí cothabhála agus oibríochta a bhfuil feidhm ag an gcinneadh sin maidir leo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.