|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Beidh na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo, ag comhfhreagairt do chineál agus riosca gach gníomhaíochta ar leith a mbaineann siad leis agus beidh siad comhréireach leo. Agus na bearta sin á n-ullmhú agus á n-achtú, cuirfidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh, mar is iomchuí don ghníomhaíocht lena mbaineann:
(a)
an bhfuil daoine eile seachas an fhoireann eitilte á n-iompar ar bord, agus go háirithe, an bhfuil an oibríocht ar oscailt i gcomhair úsáid phoiblí;
(b)
a mhéid a d'fhéadfadh an ghníomhaíocht tríú páirtithe nó réadmhaoin ar an talamh a chur i mbaol;
(c)
castacht, feidhmíocht agus saintréithe oibríochtúla an aerárthaigh lena mbaineann;
(d)
cuspóir na heitilte, an cineál aerárthaigh agus an cineál aerspáis a úsáidtear;
(e)
cineál, scála, agus castacht na hoibríochta nó na gníomhaíochta, lena n-áirítear, más ábhartha, méid agus cineál an tráchta a láimhseálann an duine nó an eagraíocht atá freagrach;
(f)
a mhéid is féidir leis na daoine a ndéanann na rioscaí a bhaineann leis an oibríocht difear dóibh na rioscaí sin a mheasúnú agus a rialú;
(g)
torthaí gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus maoirseachta a rinneadh cheana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|