+Airteagal 17 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerfhiúnta
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.

Airteagal 17 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerfhiúnta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.

Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 9 a áirithiú, do na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, agus dá n-innill, dá liáin, dá bpáirteanna agus dá dtrealamh neamhshuiteáilte, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(3), forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2)(a) a choinneáil ar bun;

(b) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na formheasanna sin;

(c) 

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;

(d) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 16 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na ceadúnais sin;

(e) 

na pribhléidí agus na freagrachtaí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na gceadúnas arna n-eisiúint de bhun Airteagal 15(2) agus Airteagal 16, agus a bheidh ag na heagraíochtaí a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 15(5);

(f) 

na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le cothabháil táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte;

(g) 

na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh;

(h) 

na ceanglais aeracmhainneachta bhreise is gá d'fhonn tacú leis an aeracmhainneacht leanúnach agus d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú, i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a ndearnadh deimhniú ar a ndearadh cheana.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

Airteagal 17 2.
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9 agus cuirfidh sé ►C2  na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 6 agus Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Airteagal 17 3.
Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.