|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 9 a áirithiú, do na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, agus dá n-innill, dá liáin, dá bpáirteanna agus dá dtrealamh neamhshuiteáilte, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 127(3), forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2)(a) a choinneáil ar bun;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na formheasanna sin;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(5), agus na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(d)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 16 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna nach bhfuil gá leis na ceadúnais sin;
(e)
na pribhléidí agus na freagrachtaí a bheidh ag sealbhóirí na bhformheasanna agus na gceadúnas arna n-eisiúint de bhun Airteagal 15(2) agus Airteagal 16, agus a bheidh ag na heagraíochtaí a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 15(5);
(f)
na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le cothabháil táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte;
(g)
na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh;
(h)
na ceanglais aeracmhainneachta bhreise is gá d'fhonn tacú leis an aeracmhainneacht leanúnach agus d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú, i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a ndearnadh deimhniú ar a ndearadh cheana. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|