|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.De mhaolú ar mhír 9, ar mhír 10 agus ar mhír 14, mar is iomchuí:
(a)
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh dá dtagraítear in Airteagal 19, eiseofar deimhniú srianta ar aeracmhainneacht nó deimhniú srianta ar thorann i gcás aerárthaí a ndearnadh dearbhú ar a dhearadh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 nó ar eisíodh deimhniú cineáil srianta ina leith i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1. Sa chás sin, is arna n-iarraidh a eiseofar na deimhnithe sin, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir leis an dearadh sin agus go bhfuil an t-aerárthach i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol;
(b)
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, féadfar ceadúnas eitilte a eisiúint lena gceadófar aerárthach atá gan deimhniú bailí aeracmhainneachta nó gan deimhniú bailí srianta ar aeracmhainneacht a oibriú. Sa chás sin, eiseofar an ceadúnas eitilte sin arna iarraidh, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte. Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na ceadúnais eitilte sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1) nó leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 17(1), ar choinníoll go bhfuil sé cinnte ag an eagraíocht sin go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte, féadfaidh sí an ceadúnas eitilte a eisiúint gan a iarraidh. Beidh an ceadúnas eitilte faoi réir teorainneacha iomchuí, mar a fhoráiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 19(1), agus go háirithe faoi réir teorainneacha chun sábháilteacht tríú páirtithe a chosaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|