+Airteagal 18 Na maoluithe
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
|
Airteagal 18 Na maoluithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 9 go hAirteagal 13, mar is iomchuí:
(a)
féadfar comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9 i dtaca le dearadh táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, féadfar sin a mheas gan deimhniú a eisiúint, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (d)(i) d'Airteagal 19(1). Sa chás sin, is iad na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 19(1) a shaineoidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhainfidh leis an measúnú sin. Féadfar a fhoráil sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe d(i) d'Airteagal 19(1) go gceadaítear don eagraíocht atá freagrach as dearadh agus táirgeadh na dtáirgí, na bpáirteanna agus an trealaimh neamhshuiteáilte sin dearbhú a thabhairt go gcomhlíonann a ndearadh na sonraíochtaí mionsonraithe sin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 19(1) a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfadh na dearthaí sin na ceanglais fhíor-riachtanacha sin;
(b)
nuair nach gcomhlíonann dearadh aerárthaigh na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfar deimhniú srianta ar chineál a eisiúint. Sa chás sin, eiseofar an deimhniú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an aerárthaigh ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus (ii) d'Airteagal 19(1), agus gur leor dearadh an aerárthaigh, i dtaca le haeracmhainneacht agus le comhoiriúnacht chomhshaoil, i bhfianaise na húsáide atá le baint as.
|
|
Airteagal 18 2.
|
De mhaolú ar mhír 9, ar mhír 10 agus ar mhír 14, mar is iomchuí:
(a)
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh dá dtagraítear in Airteagal 19, eiseofar deimhniú srianta ar aeracmhainneacht nó deimhniú srianta ar thorann i gcás aerárthaí a ndearnadh dearbhú ar a dhearadh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 nó ar eisíodh deimhniú cineáil srianta ina leith i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1. Sa chás sin, is arna n-iarraidh a eiseofar na deimhnithe sin, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir leis an dearadh sin agus go bhfuil an t-aerárthach i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol;
(b)
i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, féadfar ceadúnas eitilte a eisiúint lena gceadófar aerárthach atá gan deimhniú bailí aeracmhainneachta nó gan deimhniú bailí srianta ar aeracmhainneacht a oibriú. Sa chás sin, eiseofar an ceadúnas eitilte sin arna iarraidh, i gcás gur léirigh an t-iarratasóir go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte.
Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na ceadúnais eitilte sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1) nó leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 17(1), ar choinníoll go bhfuil sé cinnte ag an eagraíocht sin go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte, féadfaidh sí an ceadúnas eitilte a eisiúint gan a iarraidh. Beidh an ceadúnas eitilte faoi réir teorainneacha iomchuí, mar a fhoráiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 19(1), agus go háirithe faoi réir teorainneacha chun sábháilteacht tríú páirtithe a chosaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|