+Airteagal 19 Cumhachtaí tarmligthe
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
|
Airteagal 19 Cumhachtaí tarmligthe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
I dtaca le haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
ceanglais mhionsonraithe maidir le cosaint an chomhshaoil i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 9(2);
(b)
na coinníollacha faoina mbunóidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir agus faoina dtabharfaidh sí fógra don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 77:
(i)
an bonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme maidir le táirge chun críocha an deimhniúcháin cineáil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus i bpointe (b) d'Airteagal 18(1);
(ii)
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le táirge chun sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear
—
an t-íos-siollabas oiliúna chun rátáil cineáil a dhéanamh ar an bpearsanra deimhnithe um chothabháil;
—
an t-íos-siollabas chun rátáil cineáil a dhéanamh ar phíolótaí agus na sonraí tagartha chun ionsamhlóirí gaolmhara a cháiliú go hoibiachtúil;
—
an máistirliosta de threalamh íosta, de réir mar is iomchuí;
—
sonraí cineáil an aerárthaigh atá ábhartha don fhoireann cábáin;
—
sonraíochtaí breise chun comhlíonadh Roinn III agus a áirithiú;
(iii)
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le páirt nó le trealamh neamhshuiteáilte, lena n-áirítear trealamh agus ionstraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 30(7), chun críocha an deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13;
(c)
na coinníollacha sonracha faoina gcomhlíonfaidh aerárthach dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 2(1) na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9;
(d)
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13, agus pointe (b) d'Airteagal 18(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
(i)
na coinníollacha a bhaineann le cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá le deimhnithe dá leithéid, nó ina gceadaítear dearbhuithe, de réir mar is infheidhme, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;
(ii)
na coinníollacha a bhaineann le fad tréimhse na ndeimhnithe sin agus a bhaineann lena n-athnuachan más fad tréimhse teoranta atá i gceist leo;
(e)
na coinníollacha maidir leis na deimhnithe aeracmhainneachta agus torainn dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a eisiúint, a leasú, a theorannú, a chur ar fhionraí nó a chúlghairm, chomh maith leis na deimhnithe srianta ar aeracmhainneacht agus na deimhnithe srianta ar thorann dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2);
(f)
na coinníollacha maidir leis na ceadúnas eitilte dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(g)
na coinníollacha faoina ndéanfar na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá lena leithéid d'fhormheasanna nó ina gceadaítear dearbhuithe, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;
(h)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe arna n-eisiúint de bhun Airteagail 11, 12, 13, Airteagail 14(1), 15(1), pointe (b) d'Airteagal 18(1), 18(2) agus ag na heagraíochtaí a rinne dearbhuithe i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) agus pointe (g) den Airteagal seo agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
(i)
na coinníollacha faoin mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le dearadh táirgí, dearadh páirteanna agus dearadh trealaimh neamhshuiteáilte atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1);
(j)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear na coinníollacha agus na teorainneacha oibríochtúla, faoina ndéanfar, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1)(a), aeracmhainneacht agus comhoiriúnacht chomhshaoil dhearadh na dtáirgí, dhearadh na bpáirteanna agus dhearadh an trealaimh neamhshuiteáilte a mheasúnú gan ceanglas a bheith ann deimhniú a eisiúint;
(k)
na coinníollacha faoina mbeidh de phribhléid ag eagraíochtaí ar eisíodh dóibh formheas i gcomhréir le hAirteagal 15(1) na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13 agus pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint;
|
|
Airteagal 19 2.
|
I dtaca le haeracmhainneacht agus comhoiriúnacht chomhshaoil aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, lena liáin, lena bpáirteanna agus lena dtrealamh neamhshuiteáilte, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, chun Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise i réimse na haeracmhainneachta nó na comhoiriúnachta comhshaoil, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, agus comhoiriúnacht chomhshaoil a n-inneall, a lián, a bpáirteanna agus a dtrealaimh neamhshuiteáilte, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, na tagairtí d'fhorálacha Choinbhinsiún Chicago dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) a leasú, chun iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise leasuithe arna ndéanamh ar na forálacha sin ina dhiaidh sin, forálacha a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis 4 Iúil 2018 agus a thiocfaidh chun bheith infheidhme sna Ballstáit uile, a mhéid nach leathnóidh na coigeartuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|