|
+Airteagal 19 1. |
Airteagal 19 1.I dtaca le haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 2(1), seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
ceanglais mhionsonraithe maidir le cosaint an chomhshaoil i gcás táirgí, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 9(2);
(b)
na coinníollacha faoina mbunóidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir agus faoina dtabharfaidh sí fógra don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 77:
(i)
an bonn deimhniúcháin cineáil is infheidhme maidir le táirge chun críocha an deimhniúcháin cineáil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus i bpointe (b) d'Airteagal 18(1);
(ii)
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le táirge chun sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear
—
an t-íos-siollabas oiliúna chun rátáil cineáil a dhéanamh ar an bpearsanra deimhnithe um chothabháil;
—
an t-íos-siollabas chun rátáil cineáil a dhéanamh ar phíolótaí agus na sonraí tagartha chun ionsamhlóirí gaolmhara a cháiliú go hoibiachtúil;
—
an máistirliosta de threalamh íosta, de réir mar is iomchuí;
—
sonraí cineáil an aerárthaigh atá ábhartha don fhoireann cábáin;
—
sonraíochtaí breise chun comhlíonadh Roinn III agus a áirithiú;
(iii)
an bonn do dheimhniúchán is infheidhme maidir le páirt nó le trealamh neamhshuiteáilte, lena n-áirítear trealamh agus ionstraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 30(7), chun críocha an deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13;
(c)
na coinníollacha sonracha faoina gcomhlíonfaidh aerárthach dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 2(1) na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9;
(d)
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13, agus pointe (b) d'Airteagal 18(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:
(i)
na coinníollacha a bhaineann le cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá le deimhnithe dá leithéid, nó ina gceadaítear dearbhuithe, de réir mar is infheidhme, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;
(ii)
na coinníollacha a bhaineann le fad tréimhse na ndeimhnithe sin agus a bhaineann lena n-athnuachan más fad tréimhse teoranta atá i gceist leo;
(e)
na coinníollacha maidir leis na deimhnithe aeracmhainneachta agus torainn dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a eisiúint, a leasú, a theorannú, a chur ar fhionraí nó a chúlghairm, chomh maith leis na deimhnithe srianta ar aeracmhainneacht agus na deimhnithe srianta ar thorann dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2);
(f)
na coinníollacha maidir leis na ceadúnas eitilte dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(g)
na coinníollacha faoina ndéanfar na formheasanna dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil gá lena leithéid d'fhormheasanna nó ina gceadaítear dearbhuithe, d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;
(h)
na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí na ndeimhnithe arna n-eisiúint de bhun Airteagail 11, 12, 13, Airteagail 14(1), 15(1), pointe (b) d'Airteagal 18(1), 18(2) agus ag na heagraíochtaí a rinne dearbhuithe i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1) agus pointe (g) den Airteagal seo agus na freagrachtaí a bheidh orthu;
(i)
na coinníollacha faoin mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le dearadh táirgí, dearadh páirteanna agus dearadh trealaimh neamhshuiteáilte atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1);
(j)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear na coinníollacha agus na teorainneacha oibríochtúla, faoina ndéanfar, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 18(1)(a), aeracmhainneacht agus comhoiriúnacht chomhshaoil dhearadh na dtáirgí, dhearadh na bpáirteanna agus dhearadh an trealaimh neamhshuiteáilte a mheasúnú gan ceanglas a bheith ann deimhniú a eisiúint;
(k)
na coinníollacha faoina mbeidh de phribhléid ag eagraíochtaí ar eisíodh dóibh formheas i gcomhréir le hAirteagal 15(1) na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 12, Airteagal 13 agus pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 18(2) a eisiúint; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|