+Airteagal 30 Oibreoirí aerárthaí
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.

Airteagal 30 Oibreoirí aerárthaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó a bhfuil príomhionad gnó acu inti, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1):

(a) 

a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú aerárthaí a chomhall i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin; nó

(b) 

deimhniú a bheith acu.

Airteagal 30 2.
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 31 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 29.
Airteagal 30 3.
Sonrófar ar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir aerárthaí. Féadfar an deimhniú sin a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1).
Airteagal 30 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta chun deimhniú den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1).
Airteagal 30 5.

Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal ar na hoibreoirí aerárthaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an méid seo a leanas a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 31:

(a) 

ceanglais shonracha a chomhlíonadh, nuair a dhéanann siad comhaontuithe códroinnte nó conarthaí léasa;

(b) 

ceanglais shonracha a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad aerárthaí atá cláraithe i dtríú tír;

(c) 

Íosliosta Trealaimh (MEL) nó a choibhéis de dhoiciméad a bhunú lena bhforáiltear d'oibriú an aerárthaigh, faoi dhálaí sonraithe, le huirlisí áirithe, míreanna trealaimh nó feidhmeanna áirithe atá as feidhm tráth a chuirtear tús leis an eitilt.

Airteagal 30 6.
I gcás oibreoirí aerárthaí atá bunaithe nó lonnaithe lasmuigh den chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, nó a bhfuil príomhionad gnó acu lasmuigh di, ach a ndéanann Ballstáit feidhmeanna agus dualgais stát an oibreora dóibh faoi Choinbhinsiún Chicago, áiritheoidh na Ballstáit maidir le hoibriú aerárthaí a dhéanann na hoibreoirí sin isteach go dtí an chríoch sin, laistigh di nó amach aisti, agus maidir le pearsanra agus le heagraíochtaí atá rannpháirteach sna hoibríochtaí sin, go gcomhlíonfaidh siad leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhunaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 30 7.

I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír d'Airteagal 31(1), beidh aerárthaí feistithe leis an trealamh agus na hionstraimí is gá a bhaineann le sábháilteacht, arna ndeimhniú i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1), lena n-áirítear roinnt nó gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

taifeadáin eitilte;

(b) 

modh chun suíomh an aerárthaigh a rianú;

(c) 

modh chun an taifeadán sonraí eitilte a athshlánú ar bhealach tráthúil, i gcás aerárthach atá i nguais trí mheán cumarsáid leictreonach fhíor-ama nó réitigh theicniúla iomchuí eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.