+Airteagal 35 Trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.

Airteagal 35 Trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.

Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36, féadfar a cheangal ar eagraíochtaí atá rannpháirteach i ndearadh, i dtáirgeadh agus i gcothabháil trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid ag aeradróim atá faoi réir an Rialachán seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a dhearbhú go gcomhlíonann trealamh den sórt sin na sonraíochtaí mionsonraithe a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36; nó

(b) 

deimhniú a shealbhú i leith an trealaimh aeradróim sin a bhaineann le sábháilteacht.

Airteagal 35 2.
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go gcomhlíonann an trealamh na sonraíochtaí mionsonraithe arna mbunú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33.
Airteagal 35 3.
Sonrófar feidhmiúlachtaí an trealaimh sa deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo. Féadfar an deimhniú a leasú chun athruithe ar na feidhmiúlachtaí sin a léiriú, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1).
Airteagal 35 4.
Féadfar an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an trealamh a thuilleadh na rialacha agus na nósanna imeachta chun deimhniú den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.