+Airteagal 39 Cumhachtaí tarmligthe
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.

Airteagal 39 Cumhachtaí tarmligthe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.

I dtaca le hoibriú aeradróm, agus le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus le seirbhísí bainistíochta naprúin ag aeradróim, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha sonracha lena ndéanfar aeradróim a oibriú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33;

(b) 

na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 37(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(c) 

na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 37(1);

(d) 

na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta naprúin i gcomhréir le hAirteagal 37(2), lena n-áirítear freisin go n-aithneofaí na hoibreoirí, gan fíorú breise, na dearbhuithe sin;

(e) 

pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin agus a bhfuil dearbhuithe eisithe acu i gcomhréir le hAirteagal 37(2);

Airteagal 39 2.
I dtaca le haeradróim, lena dtrealamh a bhaineann le sábháilteacht agus lena n-oibriú, le seirbhísí láimhseála ar an talamh agus le seirbhísí bainistíochta naprúin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, Iarscríbhinn VII agus, más infheidhme, Iarscríbhinn VIII, a leasú, nuair is gá sin ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta a bhaineann le haeradróim, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
Airteagal 39 3.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.