|
+Airteagal 39 1. |
Airteagal 39 1.I dtaca le hoibriú aeradróm, agus le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh agus le seirbhísí bainistíochta naprúin ag aeradróim, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
na coinníollacha sonracha lena ndéanfar aeradróim a oibriú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 33;
(b)
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 37(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(c)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 37(1);
(d)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta naprúin i gcomhréir le hAirteagal 37(2), lena n-áirítear freisin go n-aithneofaí na hoibreoirí, gan fíorú breise, na dearbhuithe sin;
(e)
pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh agus seirbhísí bainistíochta naprúin agus a bhfuil dearbhuithe eisithe acu i gcomhréir le hAirteagal 37(2); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|