+Airteagal 47 Cumhachtaí tarmligthe
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.

Airteagal 47 Cumhachtaí tarmligthe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1.

I gcás na gcóras agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarratasóir fúthu chun críocha deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 45(2);

(b) 

na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dheimhnithe nó a gceadaítear dearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;

(c) 

na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) agus na freagrachtaí atá orthu;

(d) 

pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2);

(e) 

na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh soláthraithe BAT/SAL, i gcomhréir le hAirteagal 45(1), agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dhearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;

(f) 

na coinníollacha faoina mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2);

Airteagal 47 2.
I dtaca le soláthar BAT/SAL, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128, chun Iarscríbhinn VIII, agus más iomchuí, Iarscríbhinn VII a leasú, más gá sin ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach le BAT/SAL, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, agus a mhéid is gá chuige sin.
Airteagal 47 3.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.