|
+Airteagal 47 1. |
Airteagal 47 1.I gcás na gcóras agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
na coinníollacha faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarratasóir fúthu chun críocha deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 45(2);
(b)
na coinníollacha faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dheimhnithe nó a gceadaítear dearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme;
(c)
na pribhléidí atá ag sealbhóirí na ndeimhnithe ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 45(2) agus na freagrachtaí atá orthu;
(d)
pribhléidí agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a eiseoidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2);
(e)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh soláthraithe BAT/SAL, i gcomhréir le hAirteagal 45(1), agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid de dhearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist;
(f)
na coinníollacha faoina mbunófar na sonraíochtaí mionsonraithe is infheidhme maidir le córais agus comhdhamhnaí BAT/SAL atá faoi réir dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus (2); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|