+Airteagal 60 Comhlíonadh
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
|
Airteagal 60 Comhlíonadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Beidh oibriú gach aerárthaigh chun críocha aeriompair tráchtála dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) faoi réir deimhniúcháin agus déanfar údarú a eisiúint ina leith. Eiseofar an t-údarú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil de chumas agus d'acmhainn aige nó aici na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59. Sonrófar ar an údarú sin na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir agus raon na n-oibríochtaí.
|
|
Airteagal 60 2.
|
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, beidh oibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), ach nach oibriú aeriompair tráchtála é, faoi réir deimhniúcháin agus déanfar údarú a eisiúint ina leith. Eiseofar an t-údarú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil de chumas agus d'acmhainn aige nó aici na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59. Sonrófar ar an údarú sin na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir agus raon na n-oibríochtaí. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, oibreoirí na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) atá ag gabháil d'oibríochtaí nach oibríochtaí aeriompair tráchtála iad, beidh de chead acu a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann leis na hoibríochtaí sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59.
|
|
Airteagal 60 3.
|
Cé is moite d'oibriú aerárthaí gan foireann, ní bheidh sé de cheangal i ndáil le hoibriú aerárthaí nach ndéanann ach eitilt os cionn na críche inarb infheidhme na Conarthaí na húdaruithe agus na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bheith acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|