|
+Airteagal 60 2. |
Airteagal 60 2.I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, beidh oibriú aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), ach nach oibriú aeriompair tráchtála é, faoi réir deimhniúcháin agus déanfar údarú a eisiúint ina leith. Eiseofar an t-údarú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil de chumas agus d'acmhainn aige nó aici na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59. Sonrófar ar an údarú sin na pribhléidí a bronnadh ar an oibreoir agus raon na n-oibríochtaí. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, oibreoirí na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) atá ag gabháil d'oibríochtaí nach oibríochtaí aeriompair tráchtála iad, beidh de chead acu a dhearbhú go bhfuil de chumas agus d'acmhainn acu na freagrachtaí a ghabhann leis na hoibríochtaí sin a chomhall i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Airteagal 59. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|