+Airteagal 64 Ath-leithdháileadh na freagrachta arna iarraidh sin do na Ballstáit
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
---+Airteagal 64 6.
---+Airteagal 64 7.
---+Airteagal 64 8.

Airteagal 64 Ath-leithdháileadh na freagrachta arna iarraidh sin do na Ballstáit

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 64 1.
Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 62(2) a chur i gcrích i dtaca le haon cheann nó le gach ceann díobh seo: duine nádúrtha agus dlítheanach, aerárthach, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córais BAT/SAL agus comhdhamhna BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim arb é an Ballstát lena mbaineann atá freagrach faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

A luaithe a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht leis an iarraidh sin, is uirthi a thitfidh an fhreagracht, mar údarás inniúil, as na cúraimí a chuimsítear leis an iarraidh sin; bainfear freagracht as na cúraimí sin den Bhallstát lena mbaineann.

I dtaca leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an Ghníomhaireacht an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin, beidh feidhm ag Caibidil IV agus Caibidil V.

Airteagal 64 2.
Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar Bhallstát eile na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 62(2) a chur i gcrích i dtaca le haon duine nádúrtha agus dlítheanach, aerárthach, trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, córas BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim, nó comhdhamhna BAT/SAL, nó le gach ceann díobh sin réamhráite, arb é an Ballstát lena mbaineann atá freagrach faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

A luaithe a ghlacfaidh an Ballstát leis an iarraidh sin, is air a thitfidh an fhreagracht as na cúraimí a chuimsítear leis an iarraidh sin; bainfear freagracht as na cúraimí sin don Bhallstát iarrthach.

I dtaca leis an gcaoi a bhfeidhmítear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí a ath-leithdháileadh i gcomhréir leis an mír seo, beidh feidhm ag Caibidil II agus Chaibidil IV agus Airteagal 131 agus Airteagal 132, maille leis na forálacha is infheidhme i ndlí an Bhallstáit a ghlac an t-iarratas.

Airteagal 64 3.
Maidir le forfheidhmiú, ní bheidh an Bhallstáit a ghlac leis an iarraidh, nó an Gníomhaireacht, ach freagrach ach as na hábhair a bhaineann leis na nósanna imeachta sa tréimhse sula nglacfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit sin, nó an Ghníomhaireacht, cinntí, agus a bhaineann le cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a ath-leithdháiltear dó/di i gcomhréir leis an Airteagal seo, chomh maith le cur i bhfeidhm na gcinntí sin. I gcás gach ábhar eile a bhaineann le forfheidhmiú, ní bheidh aon tionchar ag leithdháileadh na bhfreagrachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn.
Airteagal 64 4.
Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht nó an Ballstát, mar is iomchuí, leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 ach i gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht nó údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann gurb acmhainn dóibh freagracht na gcúraimí atá i gceist a chur i gcrích go héifeachtúil.
Airteagal 64 5.
Nuair atá sé i gceist ag Ballstát forálacha mhír 1 nó mhír 2 a chur i bhfeidhm, bunóidh sé leis an nGníomhaireacht nó leis an mBallstát eile, de réir mar is infheidhme, socruithe mionsonraithe maidir le hath-leithdáileadh na freagrachta d'fheidhmiú na gcúraimí sin. I dtaca leis na socruithe mionsonraithe sin, rachfar i gcomhairle leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann an t-ath-leithdháileadh, agus leis an nGníomhaireacht i gcás an ath-leithdháilte sin dá dtagraítear i mír 2, sula gcuirfear bailchríoch orthu. Sna socruithe mionsonraithe sin, saineofar go soiléir ar a laghad na cúraimí atá le hath-leithdháileadh agus cuimseofar leo na socruithe dlí, praiticiúla agus riaracháin atá riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar feidhmiú na gcúraimí lena mbaineann a aistriú go hordúil agus go leanfar den fheidhmiú sin ar bhonn éifeachtach gan bhriseadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, agus go leanfaidh na daoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí ar bhonn comhleanúnach. Beidh forálacha sna socruithe mionsonraithe freisin maidir le haistriú taifead ábhartha teicniúil agus aistriú doiciméadachta ábhartha teicniúla.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, de réir mar is infheidhme, gur i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe sin a ath-leithdháilfear an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí sin.

Airteagal 64 6.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil, sa stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, liosta de na Ballstáit a chuir i bhfeidhm forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo. Sainaithneofar go soiléir ar an liosta sin na cúraimí a ath-leithdháileadh agus an t-údarás inniúil atá freagrach as na cúraimí sin ó ath-leithdháileadh iad.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh ath-leithdháileadh na freagrachta as feidhmiú na gcúraimí sin agus í i mbun cigireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin eile i gcomhréir le hAirteagal 85.

Airteagal 64 7.
Ní dhéanfaidh ath-leithdháileadh na freagrachta faoin Airteagal seo dochar do chearta agus oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago.

Nuair a dhéanfaidh Ballstát, i gcomhréir leis an Airteagal seo, an fhreagracht as na cúraimí a shanntar dó le Coinbhinsiún Chicago a ath-leithdháileadh, tabharfaidh sé fógra do ICAO go bhfuil an Ghníomhaireacht nó Ballstát eile i mbun na bhfeidhmeanna agus na gcúraimí a sannadh dó faoi Choinbhinsiún Chicago.

Airteagal 64 8.
Maidir le Ballstát a dhéanann an fhreagracht as na cúraimí sin a ath-leithdháileadh ar an nGníomhaireacht nó ar Bhallstát eile de bhun mhír 1 nó mhír 2, féadfadh sé a chinneadh ag am ar bith an t-ath-leithdháileadh a chúlghairm. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha mhír 4, mhír 5, mhír 6 agus dhara fomhír mhír 7.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.