+Airteagal 66 An sásra tacaíochta maoirseachta
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.
---+Airteagal 66 4.
---+Airteagal 66 5.
|
Airteagal 66 An sásra tacaíochta maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 66 1.
|
I gcás inar comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
go léirítear de bharr cigireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 85, neamhábaltacht thromchúiseach leanúnach an Bhallstáit cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe áirithe dá chuid nó neamhábaltacht a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe uile a chur i gcrích go héifeachtach faoin Rialachán seo;
(b)
go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún ar an mBallstát lena mbaineann na heasnaimh a sainaithníodh i gcomhréir le pointe (a) a réiteach,
(c)
nár réitigh an Ballstát na heasnaimh sin go sásúil agus go bhfuil sábháilteacht na heitlíochta sibhialta á cur i mbaol dá bharr,
déanfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, clár cúnaimh theicniúil sealadach a bhunú go comhpháirteach darb aidhm na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas agus cuidiú leis an mBallstát lena mbaineann a bheith in ann a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur de arís faoi dheireadh na céime tacaíochta. Áireofar sa chlár cúnaimh theicniúil sin, go háirithe, amlíne an chláir, pleanáil agus feidhmiú na gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe i gcásanna inar sainaithníodh easnaimh, oiliúint agus cáilíochtaí na gcigirí agus pearsanra ábhartha, agus eagrú na hoibre arna déanamh ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina mbíonn tionchar díreach aige sin ar na heasnaimh a sainaithníodh.
|
|
Airteagal 66 2.
|
Is é an Ballstát lena mbaineann a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir cúnaimh theicniúil chun na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas. Chun na críche sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann comhar leis an nGníomhaireacht agus an clár cúnaimh theicniúil sin á chur chun feidhme aige, lena n-áirítear trí gach treoir riachtanach a eisiúint chuig an údarás inniúil náisiúnta agus gach saoráid ábhartha a chur ar fáil is gá chun an clár cúnaimh a chur ar siúl go rathúil. Agus an clár cúnaimh theicniúil sin á chur chun feidhme, is é an Ballstát lena mbaineann a bheidh freagrach fós as na cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, i gcomhréir le Airteagal 62(2). Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid costas féin agus a sheasamh as cúnamh a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann aici. Agus an clár cúnaimh theicniúil sin á chur chun feidhme, bainfidh an Ballstát lena mbaineann leas, i gcás inarb iomchuí, agus i bhfianaise chineál na n-easnamh, as díorma Eorpach na gcigirí eitlíochta a bunaíodh faoi Airteagal 63, as na heintitis cháilithe faoi Airteagal 69, agus as na deiseanna oiliúna arna mbeartú faoi Airteagal 92.
|
|
Airteagal 66 3.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus na Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chláir cúnaimh theicniúil.
|
|
Airteagal 66 4.
|
An Ballstát lena mbaineann, déanfaidh sé gach iarracht dar féidir chun a chur ar chumas an eintitis arís a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe faoin Rialachán seo a dhéanamh. I gcás ina n-aithníonn an Ballstát lena mbaineann nach féidir an clár cúnaimh theicniúil a chur chun feidhme mar a bhí beartaithe, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus déanfaidh sé ath-leithdháileadh ar a fhreagracht as cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe chuig an nGníomhaireacht nó chuig Ballstát eile i gcomhréir le Airteagal 64 nó glacfaidh sé bearta eile chun na heasnaimh sin a réiteach. Ní chuimseofar i raon feidhme an ath-leithdháilte sin ach a mbeidh fíor-riachtanach chun dul i ngleic leis na heasnaimh a sainaithníodh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht i dtaisce sa stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74 faisnéis — a chuirfear ar fáil don phobal — maidir leis na cúraimí a ndearnadh ath-leithdháileadh orthu.
|
|
Airteagal 66 5.
|
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do chur i bhfeidhm bhearta eile, lena n-áirítear Airteagal 67 den Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|