|
+Airteagal 66 1. |
Airteagal 66 1.I gcás inar comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
go léirítear de bharr cigireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 85, neamhábaltacht thromchúiseach leanúnach an Bhallstáit cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe áirithe dá chuid nó neamhábaltacht a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta nó forfheidhmithe uile a chur i gcrích go héifeachtach faoin Rialachán seo;
(b)
go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún ar an mBallstát lena mbaineann na heasnaimh a sainaithníodh i gcomhréir le pointe (a) a réiteach,
(c)
nár réitigh an Ballstát na heasnaimh sin go sásúil agus go bhfuil sábháilteacht na heitlíochta sibhialta á cur i mbaol dá bharr, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, clár cúnaimh theicniúil sealadach a bhunú go comhpháirteach darb aidhm na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas agus cuidiú leis an mBallstát lena mbaineann a bheith in ann a chúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur de arís faoi dheireadh na céime tacaíochta. Áireofar sa chlár cúnaimh theicniúil sin, go háirithe, amlíne an chláir, pleanáil agus feidhmiú na gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe i gcásanna inar sainaithníodh easnaimh, oiliúint agus cáilíochtaí na gcigirí agus pearsanra ábhartha, agus eagrú na hoibre arna déanamh ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina mbíonn tionchar díreach aige sin ar na heasnaimh a sainaithníodh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|