|
+Airteagal 70 1. |
Airteagal 70 1.Ní bheidh an Rialachán seo ná na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn ina gcosc ar aon Bhallstát beart a chur i ngníomh láithreach i dtaca le fadhb a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta, má shásaítear na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gurb ionann agus riosca tromchúiseach do shábháilteacht na heitlíochta an fhadhb agus gur gá don Bhallstát gníomhú láithreach chun an fhadhb a réiteach;
(b)
nach féidir leis an mBallstát dul i ngleic go leordhóthanach leis an bhfadhb i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn;
(c)
go bhfuil an gníomh a ghlacfar ar comhréir le déine na faidhbe atá le réiteach. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl láithreach don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, na bearta a rinneadh, a dtréimhse agus na cúiseanna a bhí leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|