|
+Airteagal 71 1. |
Airteagal 71 1.Féadfaidh na Ballstáit díolúine a thabhairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith atá faoi réir an Rialacháin seo ó na ceanglais is infheidhme don duine sin de bhun Chaibidil III, seachas na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Chaibidil sin, nó ó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn na Caibidle sin, i gcás cúinsí neamh-intuartha práinneacha a bhainfeadh leis na daoine sin nó i gcás riachtanais oibríochtúla, ach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní féidir na cúinsí nó na heasnaimh sin a réiteach go leordhóthanach i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme;
(b)
sábháilteacht, caomhnú comhshaoil agus comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a áirithiú, trí bhíthin bearta maolaithe más gá;
(c)
go bhfuil maolú déanta, a mhéid is féidir, ag an mBallstát ar aon saobhadh féideartha ar dhálaí an mhargaidh i ngeall ar gur bronnadh an díolúine; agus
(d)
nach rachaidh raon feidhme ná ré na díolúine thar a bhfuil riachtanach agus go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl láithreach don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, an díolúine a deonaíodh, a tréimhse, cúis a deonaithe, agus, más iomchuí, na bearta maolaithe riachtanacha a cuireadh i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|