+Airteagal 72 Faisnéis a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú
---+Airteagal 72 1.
---+Airteagal 72 2.
---+Airteagal 72 3.
---+Airteagal 72 4.
---+Airteagal 72 5.
---+Airteagal 72 6.
---+Airteagal 72 7.
|
Airteagal 72 Faisnéis a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72 1.
|
Malartóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta eitlíochta aon fhaisnéis a mbeidh fáil acu uirthi i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, agus a bheidh ábhartha do na páirtithe eile agus iad i mbun a gcúraimí faoin Rialachán seo. Údaráis na mBallstát sin a bhfuil de chúram orthu tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú, nó anailís a dhéanamh ar theagmhais, beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin freisin agus iad i mbun a gcúraimí. Féadfar an fhaisnéis seo a scaipeadh freisin ar pháirtithe leasmhara i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.
|
|
Airteagal 72 2.
|
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú, ar leibhéal an Aontais, ar bhailiú, malartú agus anailísiú faisnéise maidir le hábhair a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear sonraí oibríochta eitilte. Chun na críche sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhshocraíochtaí a dhéanamh maidir le faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, agus a mhalartú le daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo, nó le comhlachais ina mbeidh na daoine sin. Agus faisnéis á bailiú, á malartú agus á anailísiú, agus feidhm á tabhairt do na socruithe sin agus tús á chur leo, déanfaidh an Ghníomhaireacht teorainn a chur leis an ualach riaracháin a chuirfear orthu siúd lena mbaineann, a mhéid is féidir, agus áiritheoidh sí cosaint iomchuí na faisnéise, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta atá inti, i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo agus le hAirteagal 73(1), Airteagal 123 agus Airteagal 132 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 72 3.
|
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin, cúnamh don Choimisiún i dtaca le bainistiú an Stóir Lárnaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.
|
|
Airteagal 72 4.
|
Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar cheisteanna práinneacha nó tábhachtacha atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Más iomchuí, comhoibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta leis an nGníomhaireacht agus í i mbun na hanailíse sin.
|
|
Airteagal 72 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh lena leagtar síos malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus i dtaca lena scaipeadh ar pháirtithe leasmhara. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna rialacha mionsonraithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
(a)
nach mór an fhaisnéis is gá chun comhlíonadh agus cur chun cinn na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, nach mór í a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo;
(b)
nach ceart dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus an fhaisnéis á scaipeadh agus á húsáid;
(c)
gur den riachtanas nach ndéanfaí faisnéis a chur ar fáil ná a úsáid d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 72 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, agus na húdaráis inniúla náisiúnta, chomh maith leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus comhlachais na ndaoine sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, na bearta is gá a ghlacadh chun rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaigheann siad de bhun an Airteagail seo a áirithiú. Tá an mír sin gan dochar d'aon cheanglas rúndachta níos déine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 72 7.
|
D'fhonn eolas a choinneáil leis an bpobal i dtaobh leibhéal ginearálta na sábháilteachta i réimse na heitlíochta sibhialta san Aontas, déanfaidh an Ghníomhaireacht gach bliain, agus faoi chúinsí speisialta, athbhreithniú sábháilteachta a fhoilsiú. Cuirfear san athbhreithniú sin anailís ar staid ghinearálta na sábháilteachta, i gcaint nach doiligh ach ar réidh a tuiscint, agus tabharfar le fios fós cé acu atá nó nach bhfuil méadú tagtha ar na rioscaí sábháilteachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|