|
+Airteagal 72 5. |
Airteagal 72 5.Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh lena leagtar síos malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus i dtaca lena scaipeadh ar pháirtithe leasmhara. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna rialacha mionsonraithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
(a)
nach mór an fhaisnéis is gá chun comhlíonadh agus cur chun cinn na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, nach mór í a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir an Rialacháin seo;
(b)
nach ceart dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus an fhaisnéis á scaipeadh agus á húsáid;
(c)
gur den riachtanas nach ndéanfaí faisnéis a chur ar fáil ná a úsáid d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|