+Airteagal 74 An Stór Lárnach Faisnéise
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
---+Airteagal 74 4.
---+Airteagal 74 5.
---+Airteagal 74 6.
---+Airteagal 74 7.
---+Airteagal 74 8.

Airteagal 74 An Stór Lárnach Faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 74 1.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta, stór lárnach a bhunú agus a bhainistiú, ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun comhoibriú éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus iad i mbun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe faoin Rialachán seo.

Sa stór lárnach sin, beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

deimhnithe arna n-eisiúint agus dearbhuithe arna bhfáil ag an nGníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le forálacha Chaibidil III agus Airteagal 64 agus Airteagal 65 agus Airteagail 77 go 82;

(b) 

deimhnithe arna n-eisiúint agus dearbhuithe arna bhfáil ag eintitis cháilithe thar ceann na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta inniúla i gcomhréir le hAirteagal 69(3);

(c) 

creidiúnaithe a bhronn an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar eintitis cháilithe i gcomhréir le hAirteagal 69, lena n-áirítear fáisnéis maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe agus na bpribhléidí a bronnadh;

(d) 

na bearta a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 2(6) agus (7), agus cinntí sin an Choimisiúin a fhreagraíonn dóibh;

(e) 

cinntí a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 2(8);

(f) 

cinntí a ghlac na Ballstáit de bhun Airteagal 41(5);

(g) 

Ballstáit a bheith ag ath-leithdháileadh na freagrachta as na cúraimí ar an nGníomhaireacht nó ar údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 65, lena n-áirítear sonraí faoi na cúraimí a ath-leithdháileadh;

(h) 

cinntí a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 67;

(i) 

fógraí a rinne na húdaráis inniúla náisiúnta i dtaca le scéimeanna aonair um shonrú ama eitilte a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta ar bhonn na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 32(1), maille leis na tuairimí a d'eisigh an Ghníomhaireacht ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 76(7);

(j) 

fógraí a rinne na Ballstáit i dtaca leis na bearta a glacadh chun freagairt láithreach d'fhadhb a bhain le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus i dtaobh díolúintí a tugadh, maille leis na moltaí ón nGníomhaireacht agus na cinntí ón gCoimisiún ina dtaobh de bhun Airteagal 70(1) agus Airteagal 71(1);

(k) 

iarrataí a rinne Ballstáit maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh ar mhodh eile, agus an moladh a rinne an Ghníomhaireacht ina dtaobh de bhun Airteagal 71(3);

(l) 

fógraí a rinne an Ghníomhaireacht agus cinntí an Choimisiúin ina dtaobh de bhun Airteagal 76(4);

(m) 

an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéanfaidh aerárthaí atá rannpháirteach in oibríochtaí seachas aeriompar tráchtála;

(n) 

faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta, dtagraítear in Airteagal 90(4);

(o) 

Cinntí ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a fógraíodh de bhun Airteagal 62(5), lena n-áirítear faisnéis maidir leis na cúraimí atá á bhfeidhmiú go comhpháirteach;

(p) 

díolúintí a dheonaigh na Ballstáit de bhun Airteagal 41(6), agus cinntí comhfhreagracha ón gCoimisiún;

(q) 

bearta na Gníomhaireachta maidir le heitiltí os cionn limistéar ina bhfuil coinbhleacht, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal 88(3);

(r) 

faisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach d'fhonn comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le feidhmiú na gcúraimí sin acu a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo.

Airteagal 74 2.
Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta, na scrúdaitheoirí aerleighis agus na hionaid aerleighis faisnéis a mhalartú freisin trí bhíthin na faisnéise a bheidh sa stór lárnach i dtaobh dea-shláinte píolótaí. Pé sciar den fhaisnéis sin arb ionann agus sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí sláinte, ní rachfar thar a bhfuil riachtanach, chun deimhniúchán agus maoirseacht éifeachtach ar phíolótaí a áirithiú de bhun Airteagal 21.
Airteagal 74 3.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta ar bith a chuirfear sa stór lárnach, lena n-áirítear sonraí sláinte, a fhágáil ann tráth is faide ná is riachtanach chun na críocha sin dár bailíodh an fhaisnéis nó a ndéantar í a phróiseáil a shásamh.
Airteagal 74 4.
Déanfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht a áirithiú go gcuirtear ar an eolas, ex ante, duine ar bith a ndéanfar a chuid sonraí pearsanta a phróiseáil sa stór lárnach.
Airteagal 74 5.
I dtaca leis an té a mbeidh sonraí leis sa stór lárnach, féadfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht raon feidhme na gceart a bheidh ag an duine sin, maidir leis na sonraí pearsanta sin a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, a chúngú a mhéid a bhfuil géarghá leis chun an eitlíocht shibhialta a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Airteagal 74 6.
Gan dochar do mhír 7, beidh rochtain shlán ar líne ar gach faisnéis dá mbeidh sa stór lárnach ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht, ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus ag aon údarás inniúil de chuid na mBallstát a bhfuil de chúram air tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú d'fhonn a gcúraimí a chur i gcrích.

Más ábhartha, féadfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht faisnéis ar leith as an stór lárnach, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara nó a chur ar fáil don phobal.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don phobal:

(a) 

faisnéis maidir le haon deimhnithe a eisítear agus dearbhuithe a fuair sé i gcomhréir le hAirteagal 2(4);

(b) 

faisnéis a bhaineann le cinntí de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2(6) agus (7).

(c) 

faisnéis a bhaineann le cinneadh na mBallstát dá dtugtar fógra de bhun an dara fomhír d'Airteagal 2(11).

Airteagal 74 7.
Beidh cosaint ag an bhfaisnéis a chuirfear sa stór lárnach, trí bhíthin uirlisí agus prótacail iomchuí, ar rochtain neamhúdaraithe. Acu siúd amháin atá freagrach as deimhniúchán agus maoirseacht a dhéanamh ar shláinte píolótaí, d'fhonn a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, a bheidh cead rochtana agus nochta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Féadfar rochtain theoranta ar an bhfaisnéis seo a thabhairt do dhaoine údaraithe eile d'fhonn feidhmiú éifeachtach an stóir lárnaigh a áirithiú, go háirithe i dtaca lena chothabháil theicniúil. Iad siúd a mbeidh údarás acu an fhaisnéis a rochtain, cuirfear oiliúint orthu roimh ré maidir leis an reachtaíocht um chosaint ar shonraí pearsanta is infheidhme agus ar bhearta cosanta dá réir.
Airteagal 74 8.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is gá chun an stór lárnach a fheidhmiú agus a bhainistiú agus leagfar amach iontu ceanglais mhionsonraithe i dtaca le:

(a) 

na gnéithe teicniúla a bhainfidh le bunú agus cothabháil an stóir lárnaigh;

(b) 

aicmiú na faisnéise a bheidh le tarchur ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;

(c) 

nuashonrú rialta agus caighdeánaithe na faisnéise a chuirfear sa stór lárnach;

(d) 

na socruithe mhionsonraithe a bhaineann le scaipeadh agus foilsiú na faisnéise ar leith sin a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e) 

aicmiú na faisnéise ar dhea-shláinte píolótaí atá le tarchur ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ag na scrúdaitheoirí aerleighis agus ag na hionaid aerleighis, lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;

(f) 

na socruithe mhionsonraithe a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuirfear sa stór lárnach a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, le rochtain ar an bhfaisnéis a chúngú, agus le pé sonraí pearsanta a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir leis an gcuid sin de reachtaíocht um chosaint sonraí pearsanta an Aontais is infheidhme, a chosaint go háirithe ar mhilleadh, ar chaillteanas, ar athrú, nó ar nochtadh de thaisme nó go neamhdhleathach;

(g) 

an tréimhse stórála is faide a cheadófar na sonraí pearsanta a choinneáil sa stór lárnach, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh dhea-shláinte píolótaí arb ionann í agus sonraí pearsanta;

(h) 

na coinníollacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht cúngú a dhéanamh ar raon na gceart a bheidh ag an té a mbeidh sonraí leis sa stór lárnach, na sonraí pearsanta sin a rochtain, a cheartú nó a scriosadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.