|
+Airteagal 74 8. |
Airteagal 74 8.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is gá chun an stór lárnach a fheidhmiú agus a bhainistiú agus leagfar amach iontu ceanglais mhionsonraithe i dtaca le:
(a)
na gnéithe teicniúla a bhainfidh le bunú agus cothabháil an stóir lárnaigh;
(b)
aicmiú na faisnéise a bheidh le tarchur ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;
(c)
nuashonrú rialta agus caighdeánaithe na faisnéise a chuirfear sa stór lárnach;
(d)
na socruithe mhionsonraithe a bhaineann le scaipeadh agus foilsiú na faisnéise ar leith sin a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;
(e)
aicmiú na faisnéise ar dhea-shláinte píolótaí atá le tarchur ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ag na scrúdaitheoirí aerleighis agus ag na hionaid aerleighis, lena cur sa stór lárnach, lena n-áirítear an fhoirm ina ndéanfar sin agus an modh a ndéanfar sin;
(f)
na socruithe mhionsonraithe a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuirfear sa stór lárnach a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, le rochtain ar an bhfaisnéis a chúngú, agus le pé sonraí pearsanta a chuirfear sa stór lárnach i gcomhréir leis an gcuid sin de reachtaíocht um chosaint sonraí pearsanta an Aontais is infheidhme, a chosaint go háirithe ar mhilleadh, ar chaillteanas, ar athrú, nó ar nochtadh de thaisme nó go neamhdhleathach;
(g)
an tréimhse stórála is faide a cheadófar na sonraí pearsanta a choinneáil sa stór lárnach, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh dhea-shláinte píolótaí arb ionann í agus sonraí pearsanta;
(h)
na coinníollacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht cúngú a dhéanamh ar raon na gceart a bheidh ag an té a mbeidh sonraí leis sa stór lárnach, na sonraí pearsanta sin a rochtain, a cheartú nó a scriosadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|