+Airteagal 76 Bearta de chuid na Gníomhaireachta
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.
---+Airteagal 76 5.
---+Airteagal 76 6.
---+Airteagal 76 7.

Airteagal 76 Bearta de chuid na Gníomhaireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 76 1.
Arna iarraidh sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún chun tograí maidir le leasuithe ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 4. Aon doiciméid a chuirfidh an Ghníomhaireacht faoi bhráid an Choimisiúin, is i bhfoirm tuairimí a bheidh siad.
Airteagal 76 2.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid moltaí a eisiúint agus a chur chuig an gCoimisiún chun Airteagal 70 agus Airteagal 71 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 76 3.
I gcomhréir le hAirteagal 115 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a eisiúint maidir leis an Rialachán seo agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn.
Airteagal 76 4.
Glacfaidh an Ghníomhaireacht na cinntí iomchuí chun mír 6 den Airteagal seo, Airteagail 77 go 83, 85 agus 126 a chur i bhfeidhm, agus i gcás inar leithdháileadh cúraimí uirthi de bhun Airteagal 64 agus Airteagal 65.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht díolúintí a dheonú ar aon duine dlítheanach nó ar aon duine nádúrtha a mbeidh deimhniú eisithe aici dó de réir na gcúinsí agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 71(1).

I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit, tríd an stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74, na díolúintí a deonaíodh, na cúiseanna ar deonaíodh iad agus, más iomchuí, na bearta maolúcháin riachtanacha a cuireadh i bhfeidhm.

I gcás inar deonaíodh díolúine ar feadh tréimhse is faide ná 8 mí i ndiaidh a chéile nó i gcás inar dheonaigh an Ghníomhaireacht an díolúine chéanna arís agus arís eile thar thréimhse iomlán is faide ná 8 mí, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 71(1). I gcás ina measann sé nár comhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh chuige sin. Foilseofar na gníomhartha cur chun feidhme sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfear isteach sa stór lárnach arna bhunú faoi Airteagal 74.

Chomh luath agus a chuirfear an gníomh cur chun feidhme sin in iúl don Ghníomhaireacht, cúlghairfidh sé an díolúine láithreach.

Airteagal 76 5.
Eiseoidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha maidir le cigireachtaí agus gníomhaíochtaí eile faireacháin a rinneadh de bhun Airteagal 85.
Airteagal 76 6.

Gníomhóidh an Ghníomhaireacht gan mhoill i gcás fadhb phráinneach sábháilteachta, a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tríd an méid seo a leanas:

(a) 

gníomh ceartaitheach a chinneadh nach mór do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil sí mar údarás inniúil dóibh a dhéanamh agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na daoine sin, lena n-áirítear treoracha agus moltaí, más gá sin chun coimirce a thabhairt do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1; féadfaidh an Ghníomhaireacht feasacháin sábháilteachta a eisiúint freisin ina mbeidh faisnéis nó moltaí neamhcheangailteacha dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a mbíonn lámh acu i ngníomhaíochtaí eitlíochta;

(b) 

cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí sábháilteachta a bheidh le baint amach agus bearta ceartaitheacha a mholadh a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na húdaráis inniúla náisiúnta sin, más gá sin chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a chosaint.

I dtaca le pointe (b), cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan ró-mhoill faoi na bearta a glacadh chun na cuspóirí sábháilteachta sin, arna gcinneadh ag an nGníomhaireacht, a bhaint amach. Ina theannta sin, i gcás ina mbaineann an fhadhb le níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann i gcomhar leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú go ndéanfar pé bearta is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach comhordaithe.

Airteagal 76 7.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairimí a eisiúint maidir le scéimeanna sonraíochta ama eitilte aonair a mholann na Ballstáit de bhun na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 32(1) agus a chlaonann ó na sonraíochtaí deimhniúcháin arna nglacadh ag an nGníomhaireacht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.