|
+Airteagal 76 6. |
Airteagal 76 6.Gníomhóidh an Ghníomhaireacht gan mhoill i gcás fadhb phráinneach sábháilteachta, a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tríd an méid seo a leanas:
(a)
gníomh ceartaitheach a chinneadh nach mór do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil sí mar údarás inniúil dóibh a dhéanamh agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na daoine sin, lena n-áirítear treoracha agus moltaí, más gá sin chun coimirce a thabhairt do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1; féadfaidh an Ghníomhaireacht feasacháin sábháilteachta a eisiúint freisin ina mbeidh faisnéis nó moltaí neamhcheangailteacha dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a mbíonn lámh acu i ngníomhaíochtaí eitlíochta;
(b)
cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí sábháilteachta a bheidh le baint amach agus bearta ceartaitheacha a mholadh a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh ar na húdaráis inniúla náisiúnta sin, más gá sin chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a chosaint. I dtaca le pointe (b), cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan ró-mhoill faoi na bearta a glacadh chun na cuspóirí sábháilteachta sin, arna gcinneadh ag an nGníomhaireacht, a bhaint amach. Ina theannta sin, i gcás ina mbaineann an fhadhb le níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann i gcomhar leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú go ndéanfar pé bearta is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach comhordaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|