|
+Airteagal 77 2. |
Airteagal 77 2.Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 62(2) i dtaca leis an méid seo a leanas:
(a)
formheasanna na n-eagraíochtaí atá freagrach as dearadh táirgí, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte, agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (g) d'Airteagal 19(1) agus Airteagal 56(1) agus (5), faoi seach agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag na heagraíochtaí sin;
(b)
na formheasanna arna ndéanamh ar — agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag — eagraíochtaí atá freagrach as táirgeadh, cothabháil agus bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí tairgí, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda, agus na formheasanna arna ndéanamh ar — agus na dearbhuithe arna ndéanamh ag — eagraíochtaí a mbíonn lámh acu in oiliúint pearsanra a bhíonn freagrach as táirge, páirt, trealamh neamhshuiteáilte nó trealamh chun aerárthaí gan foireann a rialú go cianda a scaoileadh tar éis a gcothabhála i gcomhréir le hAirteagal 15, pointe (g) d'Airteagal 19(1) agus Airteagal 56(1) agus (5), i gcás ina mbíonn príomhionad gnó na n-eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh de na críocha atá faoi fhreagracht na mBallstát de réir Coinbhinsiún Chicago. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|