+Airteagal 85 Faireachán ar na Ballstáit
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 2.
---+Airteagal 85 3.
---+Airteagal 85 4.
---+Airteagal 85 5.
---+Airteagal 85 6.
---+Airteagal 85 7.
---+Airteagal 85 8.
---+Airteagal 85 9.

Airteagal 85 Faireachán ar na Ballstáit

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 85 1.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dóigh a gcuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn i bhfeidhm trí chigireachtaí agus gníomhaíochtaí eile faireacháin. Is é cuspóir na gcigireachtaí agus na ngníomhaíochtaí eile faireacháin sin cúnamh a thabhairt freisin do na Ballstáit chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha sin a áirithiú agus chun dea-chleachtais a roinnt.

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil don Choimisiún maidir le cigireachtaí agus gníomhaíochtaí eile faireacháin a dhéanfar de bhun na míre seo.

Airteagal 85 2.

Chun críocha na cigireachtaí agus na gníomhaíochtaí eile faireacháin a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ceangal a chur ar aon údarás inniúil náisiúnta agus ar aon duine nádúrtha agus dlítheanach faoi réir an Rialacháin seo gach faisnéis is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht;

(b) 

iarraidh ar na húdaráis agus ar na daoine sin míniúcháin ó bhéal a thabhairt i dtaca le haon fhíric, doiciméad, ní, nós imeachta nó aon ábhar ábhartha lena chinneadh an bhfuil an Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;

(c) 

dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte nó i gcóir iompair ábhartha na n-údarás agus na ndaoine sin;

(d) 

aon doiciméad, taifead nó sonraí ábhartha a bheidh i seilbh na n-údarás agus na ndaoine sin, nó a bheidh ar fáil dóibh, a scrúdú, a chóipeáil nó sleachta a bhaint as, beag beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis atá i gceist.

Tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht freisin, i gcás inar gá a chinneadh an bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, cumhachtaí a leagtar síos sa chéad fhomhír a fheidhmiú i dtaca le haon duine dlítheanach nó nádúrtha a mbeifí ag súil leis go réasúnta go mbeadh faisnéis ábhartha chun na críocha sin aige nó teacht aige uirthi.

Déanfar na cumhachtaí a luaitear sa mhír sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit nó na tríú tír ina mbeidh an t-imscrúdú a dhéanamh, ag féachaint do chearta agus do shuimeanna dlisteanacha na n-údarás agus na ndaoine lena mbaineann agus sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I gcás ina bhfuil réamhúdarú de dhíth ó údarás breithiúnach nó riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte agus i gcóir iompair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní úsáidfear na cumhachtaí sin ach amháin tar éis réamhúdarú dá shórt a fháil.

Airteagal 85 3.
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh a chuid comhaltaí foirne agus, más ábhartha, aon saineolaí eile a bheidh páirteach sa chigireacht nó in aon ghníomhaíochtaí faireacháin eile cáilithe go leordhóthanach, go mbeidh oiliúint leormhaith orthu agus go mbeidh an t-údarú iomchuí faighte acu. I gcás cigireachtaí, déanfaidh na daoine sin údarú i scríbhinn a thaispeáint sula bhfeidhmeoidh siad a gcumhachtaí.

Achar maith sula ndéanfar an chigireacht, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis an ábhar, maidir le cuspóir na gníomhaíochta, an dáta ar a gcuirfear tús leis agus ainmneacha na gcomhaltaí foirne agus aon saineolaí eile a bheidh i mbun na gníomhaíochta sin.

Airteagal 85 4.
Éascóidh an Ballstát lena mbaineann an chigireacht nó an ghníomhaíocht faireacháin eile. Áiritheoidh sé go n-oibreoidh na húdaráis agus na daoine lena mbaineann i gcomhar leis an nGníomhaireacht.

I gcás nach n-oibríonn duine dlítheanach nó nádúrtha i gcomhar leis an nGníomhaireacht, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá don Ghníomhaireacht le go mbeidh sí in ann an chigireacht nó aon ghníomhaíocht faireacháin eile a dhéanamh.

Airteagal 85 5.
Nuair a chuimseofar cigireacht nó aon ghníomhaíocht faireacháin eile i ndáil le duine dlítheanach nó nádúrtha a bheidh faoi réir ag an Rialachán seo sa chigireacht nó sa ghníomhaíocht faireacháin eile a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 83(2), (3) agus (4) maidir leo.
Airteagal 85 6.
Arna iarraidh sin don Bhallstát, cuirfear tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 1 ar fáil dó i dteanga oifigiúil Aontais nó i dteangacha oifigiúla Aontais an Bhallstáit inar cuireadh an chigireacht i gcrích.
Airteagal 85 7.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht achoimre faisnéise maidir leis an gcaoi a gcuireann gach Ballstát chun feidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin. Cuirfear an fhaisnéis sin san áireamh san athbhreithniú bliantúil sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 72(7).
Airteagal 85 8.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cion féin le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, gan dochar do mheasúnú an Choimisiúin faoi Airteagal 124, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1.
Airteagal 85 9.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le modhanna oibre na Gníomhaireachta chun cúraimí faoin Airteagal seo a dhéanamh. Cuimseofar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.