|
+Airteagal 85 2. |
Airteagal 85 2.Chun críocha na cigireachtaí agus na gníomhaíochtaí eile faireacháin a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
ceangal a chur ar aon údarás inniúil náisiúnta agus ar aon duine nádúrtha agus dlítheanach faoi réir an Rialacháin seo gach faisnéis is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht;
(b)
iarraidh ar na húdaráis agus ar na daoine sin míniúcháin ó bhéal a thabhairt i dtaca le haon fhíric, doiciméad, ní, nós imeachta nó aon ábhar ábhartha lena chinneadh an bhfuil an Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
(c)
dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte nó i gcóir iompair ábhartha na n-údarás agus na ndaoine sin;
(d)
aon doiciméad, taifead nó sonraí ábhartha a bheidh i seilbh na n-údarás agus na ndaoine sin, nó a bheidh ar fáil dóibh, a scrúdú, a chóipeáil nó sleachta a bhaint as, beag beann ar an meán ina stóráiltear an fhaisnéis atá i gceist. Tabharfar de chumhacht don Ghníomhaireacht freisin, i gcás inar gá a chinneadh an bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, cumhachtaí a leagtar síos sa chéad fhomhír a fheidhmiú i dtaca le haon duine dlítheanach nó nádúrtha a mbeifí ag súil leis go réasúnta go mbeadh faisnéis ábhartha chun na críocha sin aige nó teacht aige uirthi. Déanfar na cumhachtaí a luaitear sa mhír sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit nó na tríú tír ina mbeidh an t-imscrúdú a dhéanamh, ag féachaint do chearta agus do shuimeanna dlisteanacha na n-údarás agus na ndaoine lena mbaineann agus sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I gcás ina bhfuil réamhúdarú de dhíth ó údarás breithiúnach nó riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun dul isteach in áitreabh ábhartha, ar thailte agus i gcóir iompair dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní úsáidfear na cumhachtaí sin ach amháin tar éis réamhúdarú dá shórt a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|