+Airteagal 90 Comhar idirnáisiúnta
---+Airteagal 90 1.
---+Airteagal 90 2.
---+Airteagal 90 3.
---+Airteagal 90 4.
---+Airteagal 90 5.
---+Airteagal 90 6.
|
Airteagal 90 Comhar idirnáisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 90 1.
|
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin, cúnamh don Choimisiún i dtaca le bainistiú a chaidrimh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhainfidh le hábhair a chuimsítear sa Rialachán seo. Beidh an cúnamh sin go háirithe ina rannchuidiú ag comhchuibhiú rialacha, aitheantas frithpháirteach deimhnithe, ar mhaithe leis an tionsclaíocht Eorpach, agus le cur chun cinn chaighdeáin sábháilteachta eitlíochta na hEorpa.
|
|
Airteagal 90 2.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil in ábhair a chuimsítear leis an Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht, ach dul i gcomhar leis an gCoimisiún roimh ré, socruithe oibre a bhunú leis na húdaráis sin agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chruthóidh na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit.
|
|
Airteagal 90 3.
|
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus iad ag feidhmiú a gceart agus ag comhlíonadh a ndualgas faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hábhair a chuimsítear leis an Rialachán seo, go háirithe faoina gcuid ceart agus dualgas faoi Choinbhinsiún Chicago. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhú mar Eagraíocht Réigiúnach um Shábháilteacht i gcreat ICAO.
|
|
Airteagal 90 4.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh agus a thabhairt cothrom le dáta más gá, sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74:
(a)
faisnéis maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin agus na mbeart a rinne an Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo leis
►C2
na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta ◄ ;
(b)
faisnéis eile a bhfuil baint aici le cur chun feidhme an Rialacháin seo, faisnéis atá ar fáil sna Ballstáit ar fad agus atá ábhartha i dtaca leis an bhfaireachán a dhéanann ICAO ar na Ballstáit maidir le comhlíonadh Coinbhinsiún Chicago agus comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta;
Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin agus a gcuid oibleagáidí á gcur chun feidhme acu faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago agus nuair a bheidh faisnéis á cur ar fáil acu do ICAO faoin gClár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta.
|
|
Airteagal 90 5.
|
Gan dochar d'fhorálacha ábhartha an Chonartha, comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta atá páirteach i ngníomhaíochtaí ICAO, ar ábhair theicniúla a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ar ábhair a bhaineann le hobair ICAO agus déanfaidh siad é sin trí ghréasán saineolaithe. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht an tacaíocht riaracháin is gá don ghréasán sin, lena n-áirítear cúnamh chun a chuid cruinnithe a ullmhú agus a eagrú.
|
|
Airteagal 90 6.
|
Le cois na gcúraimí a leagtar síos i mír 1 go dtí mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 75, féadfaidh an Ghníomhaireacht tabhairt faoi chomhoibriú teicniúil ad hoc agus faoi thionscadail taighde agus cúnaimh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar an gcoinníoll go mbeidh na gníomhaíochtaí sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta agus leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|