|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.I gcás ina bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4, as rochtain a áirithiú ar fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:
(a)
►C1 tá sí soláimhsithe, rud a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca; ◄
(b)
tá sí cruinn agus cuimsitheach go leor ionas go gcumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus leis na hoibleagáidí is infheidhme;
(c)
tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;
(d)
tugtar ainm an údaráis inniúil nó an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;
(e)
tugtar sonraí teagmhála seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna, amhail uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí é don chineál seirbhísí atá á tairiscint agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;
(f)
tugtar dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis, más ann dó, nó i gcás nach ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis, an dáta foilsithe;
(g)
tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;
(h)
coinnítear cothrom le dáta í;
(i)
tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|