+Airteagal 9 Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.

Airteagal 9 Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

I gcás ina bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4, as rochtain a áirithiú ar fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:

(a) 

►C1  tá sí soláimhsithe, rud a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca; ◄

(b) 

tá sí cruinn agus cuimsitheach go leor ionas go gcumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus leis na hoibleagáidí is infheidhme;

(c) 

tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;

(d) 

tugtar ainm an údaráis inniúil nó an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;

(e) 

tugtar sonraí teagmhála seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna, amhail uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí é don chineál seirbhísí atá á tairiscint agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;

(f) 

tugtar dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis, más ann dó, nó i gcás nach ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis, an dáta foilsithe;

(g) 

tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;

(h) 

coinnítear cothrom le dáta í;

(i) 

tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe.

Airteagal 9 2.
Cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.