+Airteagal 10 Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.

Airteagal 10 Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá cuimsitheach go leor, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir maidir leis na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2):

(a) 

céimeanna ábhartha an nós imeachta atá le comhlíonadh ag an úsáideoir, lena n-áirítear aon eisceacht faoi Airteagal 6(3) ar oibleagáid na mBallstát an nós imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne;

(b) 

ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an nós imeachta, lena n-áirítear a shonraí teagmhála;

(c) 

na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta;

(d) 

cineál agus formáid na fianaise atá le cur isteach;

(e) 

na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil go ginearálta i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla;

(f) 

na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne;

(g) 

aon spriocdhátaí atá le hurramú ag an úsáideoir nó ag an údarás inniúil agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama mheasta nó an mheántréimhse ama tháscaigh a bheadh de dhíth ar údarás inniúil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;

(h) 

►C1  aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr na rialacha sin, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin; ◄

(i) 

teanga bhreise ar bith inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.

Airteagal 10 2.
►C1  I gcás nach bhfuil aon socruithe intuigthe formheasa, socruithe tosta riaracháin nó socruithe comhchosúla ann, cuirfidh na húdaráis inniúla na húsáideoirí ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, faoi aon mhoill agus faoi aon spriocdhátaí a fhadaítear nó faoi aon iarmhairtí a bhaineann leis an méid sin. ◄
Airteagal 10 3.
I gcás ina bhfuil an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d’úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad cheana féin, féadfar é a úsáid nó a athúsáid chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcumhdaíonn sé cás na n-úsáideoirí trasteorann, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 10 4.
Cuirfidh na Ballstáit an míniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.