|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Maidir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)
teorainn a chur le castacht riaracháin agus costais do na geallsealbhóirí ábhartha uile;
(b)
na hidirnaisc idir na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a chur san áireamh, go háirithe bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
(c)
úsáid a bhaint as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha ar fud na gcúig ghné i gcás inarb ábhartha;
(d)
líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh a mheas, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre is gá chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha maidir le bochtaineacht fuinnimh. I gcás ina bhfaigheadh Ballstát amach, de bhun phointe (d) den chéad fhomhír, go bhfuil líon suntasach teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát sin, ar bhonn a mheasúnaithe bunaithe ar shonraí infhíoraithe, déanfaidh sé cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a léiriú ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, beartais agus bearta lena dtabharfar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh, más ann di, lena n-áirítear bearta maidir le beartais shóisialta agus cláir náisiúnta ábhartha eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|