+Airteagal 12 Comhar réigiúnach
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
|
Airteagal 12 Comhar réigiúnach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus aird á tabhairt acu ar chineálacha éagsúla an chomhair réigiúnaigh atá ann cheana agus a d'fhéadfadh a bheith ann, chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe a leagtar amach ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach go héifeachtach.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Sula gcuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 9(1) – maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhúchán an phlean críochnaitheach i bhfad roimh a nglactha – aithneoidh siad deiseanna le haghaidh comhar réigiúnach agus rachaidh siad i gcomhairle le Ballstáit chomharsanachta, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má mheasann an Ballstát is údar don phlean gurb iomchuí sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile nó le tríú tíortha a léirigh spéis. Rachaidh Ballstát oileánach nach bhfuil idirnaisc fuinnimh acu le Ballstáit eile i mbun comhairliúcháin le Ballstáit chomharsanachta a bhfuil teorainneacha muirí acu. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt do na Ballstáit a dtéitear i gcomhairle leo freagairt. Leagfaidh gach Ballstát amach ina dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide – maidir leis na pleananna don tréimhse 2021-2030, ina phlean náisiúnta críochnaitheach don fhuinneamh agus don aeráid – torthaí sealadacha na gcomhairliúchán réigiúnach sin ar a laghad, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme an chaoi ar cuireadh tuairimí na mBallstát nó na dtríú tíortha san áireamh.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh i ndréachtú deonach comhpháirteach codanna dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má dhéanann siad amhlaidh, cuirfear an toradh in ionad na gcodanna comhionanna dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha maidir le dul chun cinn. Arna iarraidh sin do dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh an Coimisiún an cleachtadh sin a éascú.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Chun comhtháthú margaidh agus beartais agus bearta costéifeachtúla a éascú, déanfaidh na Ballstáit, sa tréimhse idir an sprioc-am do thíolacadh a ndréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus an sprioc-am do thíolacadh a bpleananna deiridh, na codanna ábhartha dá ndréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur i láthair i bhfóraim ábhartha um chomhar réigiúnach ag féachaint dá dtabhairt chun críche. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún comhar agus comhairliúchán den sórt sin i measc na mBallstát a éascú, agus má shainaithníonn sé deiseanna ar chomhar réigiúnach breise, féadfaidh sé treoir tháscach a thabhairt do na Ballstáit chun an próiseas comhair agus comhairliúcháin éifeachtúil a éascú agus a áirithiú.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Breithneoidh na Ballstáit na tuairimí a fuair siad ó Bhallstáit eile de bhun mhíreanna 2 agus 3 ina bplean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide, agus míneoidh siad sna pleananna sin an chaoi a ndearnadh na tuairimí sin a bhreithniú.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Chun na críocha dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh na Ballstáit orthu ag obair i gcomhar le chéile ar an leibhéal réigiúnach, agus i bhfóraim um chomhar réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus beartais agus bearta ábhartha a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur chun feidhme acu.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Féadfaidh na Ballstáit comhar a bheartú freisin le sínithe an Chomhphobail Fuinnimh agus tríú tíortha ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad.
|
|
Airteagal 12 8.
|
A mhéid atá forálacha Threoir 2001/42/CE infheidhme, aon chomhairliúchán trasteorann a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin, measfar go sásaíonn sé sin na hoibleagáidí maidir le comhar réigiúnach de bhun an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an Airteagail seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|