+Airteagal 18 Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
|
Airteagal 18 Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Faoin 15 Márta 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún:
(a)
a mbeartais agus a mbearta nó a ngrúpa beart náisiúnta chun na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bhaint amach; agus
(b)
a réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte, iad eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (Hidreafluaracarbóin agus Sárfhluaracarbóin) a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V. Cuirfear san áireamh sna réamh-mheastacháin náisiúnta aon bheartais agus aon bhearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais agus áireofar iontu an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar na réamh-mheastacháin is cothroime le dáta a bheidh ar fáil. I gcás nach gcuirfidh Ballstát na réamh-mheastacháin iomlána ar fáil faoin 15 Márta gach dara bliain, agus ina ndeimhneoidh an Coimisiún nach bhféadfaidh an Ballstát sin na bearnaí sna réamh-mheastacháin a líonadh tráth a shainaithneofar iad trí nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta nó rialú cáilíochta an Choimisiúin, féadfaidh an Coimisiún réamh-mheastacháin a bheidh ag teastáil chun réamh-mheastacháin an Aontais a thiomsú a ullmhú, i gcomhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún aon athrú suntasach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh de bhun mhír 1 sa chéad bhliain den tréimhse tuairiscithe, faoin 15 Márta an bhliain i ndiaidh na tuarascála roimhe sin.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach, a réamh-mheastacháin náisiúnta de bhun mhír 1 agus aon mheasúnú ábhartha ar chostais agus ar éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart náisiúnta maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú mar aon le haon tuarascálacha teicniúla ábhartha a bheadh mar bhonn agus mar thaca acu. Ba cheart a áireamh leis na réamh-mheastacháin agus na measúnuithe sin tuairisc ar na samhlacha agus ar na cineálacha cur chuige modheolaíochta, chomh maith leis na sainmhínithe agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|